bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Jude 1
Jude 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
1
Iúdás, seirbhíseach le hÍosa Críost agus deartháir do Shéamas, Don dream tofa, is ansa le Dia an tAthair, atá á gcaomhnú le haghaidh Íosa Críost:
2
Go méadaítear daoibh an trócaire, an tsíocháin, agus an grá.
3
A lucht na páirte, cé go mbʼfhearr liom scríobh chugaibh i dtaobh ár slánaithe chomhchoitinn, bʼéigean dom scríobh chugaibh ag iarraidh oraibh dul i ngleic ar son an chreidimh seo a tugadh do na naoimh aon uair amháin agus an uair dheireanach.
4
Tá riachtanas leis sin de bharr daoine áirithe atá tar éis snámh isteach eadrainn, a raibh an daorbhreith seo i ndán dóibh ó anallód, daoine neamhchráifeacha a chlaonas grásta Dé chun drabhláis agus a shéanas ár n-aon Mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.
5
Caithfimid a chur i gcuimhne daoibh, cé go raibh gach eolas agaibh, gur thug an Tiarna an pobal slán as an Éigipt aon uair amháin, ach gur scrios sé an dara huair an méid acu nár chreid.
6
Agus na haingil úd nár fhan san ionad ba dhual dóibh, agus a dʼfhág a n-áitreabh, tá siad á dtaisceadh aige le haghaidh lá mór an bhreithiúnais sa dorchadas atá thíos agus slabhraí síoraí á gcuibhriú;
7
agus an tSodóm agus Gomora agus na cathracha máguaird, a chuaigh le drúis agus a dʼimigh le hainmhianta mínádúrtha, tá sampla déanta díobh freisin, agus pionós á imirt orthu ag tinte na síoraíochta.
8
Is amhlaidh don dream seo na n-aislingí bréige, a shalaíos an cholainn, agus a dhiúltaíos don údarás, agus a thugas masla dá bhfuil sa ghlóir.
9
Ach nuair a bhí an t-ardaingeal Mícheál ag díospóireacht leis an diabhal, ag coimhlint i dtaobh chorp Mhaois, ní raibh sé de dhánacht aige breith mhaslach a thabhairt air, agus ní dúirt sé ach, “Go gceartaí an Tiarna thú.”
10
Bíonn na daoine seo ag tabhairt masla do nithe nach dtuigeann siad, agus iad á scriosadh leis na nithe a mhothaíos siad lena gcéadfaí corportha mar ainmhithe éigiallda.
11
Is mairg dár shiúil slí Cháin, agus a dʼimigh ar seachrán mar Bhálám ar thóir airgid íoctha, agus dár cailleadh i gceannairc Chórah.
12
Is iad a mhilleas clú bhur bhfleánna geanmnaí grá, ag comhól le chéile go dána, gan aird acu ach ar a bpléisiúr féin; néalta neamhcheathacha ceo iad, á séideadh ag gaotha; crainn chríonta neamhthorthacha dheireadh fómhair, a fuair bás faoi dhó, agus a tarraingíodh as a bhfréamhacha;
13
tonnta tréana fian-fharraige faoi chúr a náire féin; réaltaí reatha a bhfuil dorchadas síoraí fíoríochtarach i ndán dóibh go deo na ndeor.
14
Is orthusan a rinne Enoc tairngreacht, a bhí ar an seachtú duine de shliocht Ádhaimh, nuair a dúirt sé, “Bʼshiúd é an Tiarna ag teacht lena chéadta mile naomh,
15
le breithiúnas a dhéanamh ar chách, agus leis an mbreith dhaortha, atá tuillte lena míghníomhartha diamhaslacha, a chur i ngníomh ar lucht an oilc, agus ar na peacaigh neamhchráifeacha a thug masla cainte dó.”
16
Is iadsan lucht monabhair na míshástachta, a leanas a gcuid ainmhianta féin, a bhíos ag iarraidh gnaoi agus buntáiste a fháil le mórtas agus le béal bán.
17
Ach cuimhnígí, a lucht na páirte, ar na briathra seo atá ráite roimh ré ag aspail ár dTiarna Íosa Críost;
18
is é a dúirt siad libh, “I ndeireadh an ama beidh scigirí magúla ann, a leanfas a n-ainmhianta neamhchráifeacha féin.”
19
Is iad a bhíos ag cur na n-easaontas ar bun, daoine saolta collaí, nach bhfuil Spiorad Dé iontu.
20
Ach cothaígí sibh féin, a lucht na páirte, le bhur gcreideamh sárnaofa; bígí ag urnaí le hanáil an Spioraid Naoimh;
21
coinnígí sibh féin i ngrá Dé, bígí ag dréim agus ag dúil le trócaire ónár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.
22
Cuirigí an fhírinne ina luí ar chuid acu, atá in amhras fúithi;
23
agus cuirigí tarrtháil ar chuid eile acu, á dtarraingt amach as an tine; agus déanaigí an trócaire ar an gcuid eile a ligeann an eagla daoibh, agus bíodh gráin agaibh go fiú ar an éadach sin ar chuir an cholainn smál salach air.
24
Moladh anois leis an té sin a bhfuil sé ar chumas aige bhur gcoinneáil ó thitim agus bhur dtoirbhirt i láithreacht a ghlóire go lánáthasach gan smál.
25
Moladh leis an Aon Dia amháin, is Slánaitheoir dúinn trí Íosa Críost ár dTiarna, go raibh an mhórghlóir, agus an mhórgacht, agus an mhórchumhacht, agus an mórcheannas a bhí aige riamh aige anois go saol na saol. Áiméan.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1