bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Luke 17
Luke 17
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 18 →
1
Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Ní féidir gan cathuithe chun peaca a bheith ann; ach is mairg a chuireas iad.
2
Bʼfhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo.
3
Seachnaígí sibh féin; má pheacaíonn do bhráthair, ceartaigh é, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó;
4
agus má pheacaíonn sé i dʼéadan seacht n‑uaire i rith an aon lae amháin, agus iompú chugat seacht n‑uaire agus é á rá, ‘Tá aithreachas orm,’ caithfidh tú maithiúnas a thabhairt dó.”
5
Dúirt na haspail leis an Tiarna, “Méadaigh ár gcreideamh!”
6
Agus dúirt an Tiarna leo, “Dá mbeadh oiread gráinne de shíol mustaird de chreideamh agaibh, dʼfhéadfadh sibh a rá leis an gcrann fige seo, ‘Bí do do tharraingt aníos as na fréamhacha, a chrainn, agus bí do do phlandú i gceartlár na farraige,’ agus dhéanfadh sé an rud a bhí ráite agat.
7
“An mbeadh seirbhíseach ag treabhadh nó ag buachailleacht caorach ag aon duine agaibh, agus é i ndiaidh teacht isteach chun tí ón bpáirc, agus an ndéarfadh sé leis, ‘Tar agus suigh isteach ag bord gan mhoill?’
8
Nach dóichí ná a athrach go ndéarfaidh sé leis, ‘Ullmhaigh mo shuipéar, agus cóirigh thú féin agus bí ag freastal orm, go raibh mo shá ite agus ólta agam; agus a chead agat ithe agus ól ina dhiaidh sin?’
9
Nó an mbíonn sé ag gabháil buíochais leis an seirbhíseach faoi dhéanamh mar a ordaíodh dó?
10
Bígí sibhse mar iad, agus nuair atá gach aon ní dár ordaíodh daoibh déanta agaibh, bígí á rá, ‘Níl ionainn ach seirbhísigh gan fiúntas; mar níl déanta againn ach ár ndualgas.’”
11
Bhí sé ag dul ar aghaidh idir Samária agus Galailí ar a bhealach go hIarúsailéim.
12
Casadh deichniúr lobhar air agus é ag dul isteach i mbaile beag,
13
agus dʼfhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.”
14
Nuair a chonaic sé iad dúirt sé leo, “Imígí libh le bhur dtaispeáint féin do na sagairt.” Agus glanadh iad ar a mbealach.
15
Ba ansin a thiontaigh aon duine amháin acu thart, nuair a chonaic sé gur glanadh é, agus é ag moladh Dé in ard a chinn agus a ghutha;
16
agus dʼumhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean.
17
Ba é a dúirt Íosa ansin, “Nár leigheasadh deichniúr ach cá bhfuil an naonúr eile?
18
Nach raibh aon duine acu ach an coimhthíoch seo arbh fhiú leis filleadh le moladh a thabhairt do Dhia?”
19
Agus dúirt sé leis, “Éirígh agus gabh i gcionn do bhealaigh; is é do chreideamh a shlánaigh thú.”
20
Nuair a dʼfhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil;
21
agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.”
22
Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Tá na laethanta ag teacht a mbeidh sibh ag tnúth le lá amháin de laethanta Mhac an duine a fheiceáil, agus gan é le feiceáil agaibh.
23
Agus déarfar libh, ‘Seo anseo é!’ nó ‘Siúd thall é!’ Ná héirígí amach, agus ná leanaigí iad.
24
Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin.
25
Ach roimhe sin is iomaí rud a chaithfeas sé a fhulaingt agus séanfaidh an ghlúin seo é.
26
Mar a bhí sé i laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh i laethanta Mhac an duine.
27
Bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus pósta, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, an lá ar tháinig an díle gur bádh iad uile go léir.
28
Beidh freisin mar a bhí i laethanta Lot—bhíodh daoine ag ithe agus ag ól, ag díol agus ag ceannach, ag plandú crann agus ag tógáil tithe,
29
ach an lá a dʼfhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu—
30
is amhlaidh a bheidh an lá a nochtfar Mac an duine.
31
An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar.
32
Cuimhnígí ar bhean Lot.
33
An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é.
34
Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile.
35
Beidh beirt bhan ag meilt mine le chéile; tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile.”
37
Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.”
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24