bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Corinthians 4
1 Corinthians 4
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
1
Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé.
2
Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis.
3
Is róchuma liom-sa, más ea, sibh-se nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin
4
mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamh-chiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith orm-sa.
5
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
6
Thagair mé na nithe seo dom féin agus dʼApallós, a bhráithre, ar mhaithe libh-se, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile.
7
Cé a thugann an seasamh ar leith duit-se? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat a bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.
8
Is ea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.
9
Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caith-réime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine.
10
Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibh-se stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibh-se láidir; tá sibh-se faoi mheas agus tá droch-mheas orainne.
11
Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.
12
Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géar-leanúint orainn fulaingímid leis;
13
nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.
14
Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibh-se mo chlann mhuirneach féin.
15
Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal.
16
Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm.
17
Is chuige sin atáim ag cur Thiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam dá bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.
18
Tá cuid agaibh éirithe mórchúiseach faoi mar nach mbeinn ag teacht chugaibh ar chor ar bith.
19
Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte.
20
Mar ní sa chaint atá Ríocht Dé suite ach san éifeacht.
21
Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe?
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16