bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 John 2
1 John 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann aon duine peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.
2
Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaí-ne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.
3
Agus is mar seo atá a fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.
4
An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.
5
Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.
6
An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.
7
A chairde cléibh, ní haon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus is í an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.
8
Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leith-se an agus in bhur leith-se, óir tá an dorchadas ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin.
9
An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchadas i gcónaí.
10
An té a thugann grá dá bhráthair maireann sa solas mar nach mbaintear aon tuisle as.
11
Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchadas agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchadas a shúile.
12
Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína Ainm-sean.
13
Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.
14
Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta.
15
Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann.
16
Mar a bhfuil sa saol–mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine–sin nithe nach den Athair iad ach den saol.
17
Agus imíonn an saol agus a mhianta ar ceal. An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo.
18
A chlann liom, is í an ré dheiridh í, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil–uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.
19
Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, dʼfhanfaidís i gcónaí linn. Ach dʼfhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.
20
Agus tá ungadh oraibhse ón Té atá Naofa agus tá an fíoreolas agaibh uile.
21
Níor scríobh mé chugaibh dá rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mbʼfheasach sibh í, agus go mbʼeol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.
22
Cé atá bréagach murab é sin a shéanann gurb é Íosa an Críost? Seo é an tAinchríost, an té a shéanann an tAthair agus an Mac.
23
Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach a oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige.
24
Ach maidir libh-se, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibh-se freisin sa Mhac agus san Athair.
25
Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí.
26
Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta.
27
Ach maidir libh-se, maireann fós ionaibh an t-ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní haon bhréag–mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.
28
Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é gur lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.
29
Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5