bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 John 1
2 John 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
1
Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,
2
i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách:
3
beidh grásta agus trócaire agus síocháin i bhfírinne agus i gcarthanacht orainn ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar.
4
Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl sa bhfírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.
5
Ach anois achainím ar do Shoilse–ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús–go dtugaimis grá dá chéile.
6
Agus is é seo an grá–go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.
7
Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n-admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.
8
Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach.
9
Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.
10
Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltígí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó.
11
Mar an té a bheannaíonn dó-san, tá sé páirteach ina chuid oilc.
12
Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, bʼfhearr liom gan a chur ar pár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir.
13
Beannaíonn clann do dheirféar tofa duit.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1