bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 Thessalonians 2
2 Thessalonians 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina araicis, impímid oraibh, a bhráithre,
2
gan a bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos dom-sa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin.
3
Ná mealladh aon duine sibh ar aon slí, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir dʼfhear an oilc é féin a nochtadh–is é sin mac an léir-scrios ta,
4
an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm a bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.
5
Nach cuimhin libh mé dá rá sin libh agus mé fós in bhur measc?
6
Agus tá a fhios agaibh anois cad atá dá choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann.
7
Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá dá cosc.
8
Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.
9
Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh an mac mallachta faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige,
10
agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidh siad leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar lámh shábhálta iad.
11
Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t-éitheach.
12
Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t-olc is áil leis, daorfar é.
13
Tá sé dʼfhiacha orainne a bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint sa bhfírinne.
14
Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost.
15
Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnígí an teagasc a dʼfhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach.
16
Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia, ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,
17
go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3