bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Galatians 1
Galatians 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Mise Pól aspal–ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus trí Dhia an tAthair, a thóg ó mhairbh é.
2
Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galáite.
3
Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost
4
a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair
5
moladh go deo leis. Áiméan.
6
Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.
7
Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht.
8
Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air.
9
An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air.
10
Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba dhaoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábhaí ag Críost a bheinn.
11
An dea-scéal atá fógartha agam-sa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann.
12
Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost.
13
Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géar-leanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú,
14
agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear.
15
Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta–
16
nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith
17
ná ní dheachaigh mé suas go hIarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n-aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.
18
Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go hIarúsailéim ag fiosrú Chéafas agus thug mé coicís ina theannta,
19
ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.
20
Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil dá scríobh agam.
21
Agus is go dúichí na Siria agus na Cilice a chuaigh mé ina dhiaidh sin.
22
Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm;
23
ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéar-leanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,”
24
agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6