bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
James 3
James 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.
2
Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.
3
Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall dʼfhonn go ngéillfidh siad dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir.
4
Tóg na báid féin, dá mhéad iad, agus fiú má bhíonn siad dá séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.
5
Níl sa teanga ach a oiread ach ball beag, ach tá bearta móra dá maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine!
6
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur chúrsa an tsaoil trí thine, agus Ifreann dá cur ar lasadh.
7
Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu,
8
ach ní féidir dʼaon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach.
9
Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé.
10
Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.
11
An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil?
12
An féidir, a bhráithre liom, don chrann figí ológa a iompar nó don fhíniúin figí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíor-uisce a iompar.
13
Cé atá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta.
14
Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian dhoicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.
15
Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, diabhlaí.
16
Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sórt drochbhirt.
17
Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.
18
Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5