bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Luke 23
Luke 23
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 24 →
1
Dʼéirigh siad ansin, an comh-thionól uile, agus sheol siad é i láthair Phíoláit.
2
Thosaigh siad dá chiontú dá rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Caesar, agus ag rá gurb é féin Críost Rí.”
3
Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Deir tú féin é.”
4
Dúirt Píoláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní fhaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”
5
Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”
6
Ar a chloisteáil sin do Phíoláit, dʼfhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine,
7
agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaróid dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin.
8
Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; ba é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil dá déanamh aige.
9
Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air.
10
Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd dá chiontú ar a ndícheall.
11
Chaith Héaród, é féin agus a gharda, droch-mheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Píoláit é.
12
Agus tháinig Héaród agus Píoláit chun a bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin.
13
Ghlaoigh Píoláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile
14
agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Is ea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.
15
Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás.
16
Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”
17
Ach bʼéigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile.
18
Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!”–
19
duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhún-mharú.
20
Chuir Píoláit caint orthu arís, mar bʼáil leis Íosa a scaoileadh saor.
21
Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!”
22
Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”
23
Ach bhí siad-san dá dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha.
24
Ansin, thug Píoláit de bhreith an rud a dʼiarr siad a thabhairt dóibh;
25
scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dún-mharú–an té a dʼiarr siad–ach thug sé Íosa suas chun a dtola.
26
Agus iad dá sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón Círéinéach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.
27
Bhí slua mór den phobal dá leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus dá chaoineadh.
28
Ach dʼiompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníonacha Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall orm-sa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.
29
Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’
30
Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaígí sinn!’
31
Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”
32
Bhí beirt choirpeach eile dá seoladh mar aon leis chun a mbásaithe.
33
Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar ‘an Cloigeann’, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.
34
Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.
35
Dʼfhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”
36
Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige
37
deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!”
38
Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”
39
Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé dá dhiamhaslú dá rá: “Nach tú an Críost? Saor thú féin agus sinne.”
40
Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna?
41
Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin dá thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”
42
Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh orm-sa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”
43
Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bParthas.”
44
Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas.
45
Réabadh brat an Teampaill ina lár.
46
Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.
47
Nuair a chonaic an taoiseach céid cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia dá rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.”
48
Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta.
49
Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é a leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.
50
Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den Chomhairle é, duine maith fíréanta.
51
Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Aramatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.
52
Chuaigh sé seo go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air.
53
Ansin thóg sé anuas den chros é, dʼfhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.
54
Ba é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo.
55
Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp.
56
Ansin, ar dhul ar ais dóibh, dʼullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, dʼfhan siad ina gcónaí de réir na haithne.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24