bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Philippians 1
Philippians 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipe atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
2
Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.
3
Gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia
4
agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach,
5
mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu.
6
Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé dá chur i gcríoch go dtí lá Íosa Críost.
7
Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhrinn nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.
8
Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.
9
Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,
10
sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost
11
agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóir Dé.
12
Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá orm-sa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn
13
mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáim-se i ngéibheann.
14
Rud eile de, chuir mo chuibhrinn misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla.
15
Tá daoine áirithe gan dabht agus is le teann formaid agus aighnis a dhéanann siad Críost a fhógairt ach tá an chuid eile dá dhéanamh le dea-rún.
16
Is le neart grá dom atá siad-san ag obair mar go dtuigeann siad gur ag cosaint an dea-scéil atáim ceaptha.
17
Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad dá dhéanamh ach dʼfhonn anacair a tharraingt orm-sa agus mé i ngéibheann.
18
Ach nach cuma é? Mar, cibé acu le cur i gcéill nó le dáiríreacht é, is é Críost atá dá fhógairt ar aon chuma agus sin é an rud a chuireann áthas orm; agus leanfaidh mé ag déanamh áthais mar gheall air
19
mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n-urnaithe-se agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.
20
Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.
21
Mar is é Críost is beatha dom-sa agus ba shochar dom an bás.
22
Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé.
23
Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus a bheith fara Críost, mar ba é ab fhearr go mór.
24
Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libh-se.
25
Ós deimhin liom sin, tá a fhios agam go bhfanfaidh mé ann go fóill chun cuidiú libh-se uile dʼfhonn bhur gcreideamh a chur chun cinn agus bhur lúcháir ann a mhéadú,
26
i dtreo nuair a thiocfaidh mé arís chugaibh go mbeidh sibh níos bródúla ná riamh asam in Íosa Críost.
27
Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dhea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn dʼaontoil ar son chreideamh an dea-scéil,
28
agus gan eagla ar bith oraibh roimh bhur naimhde. Is cruthú é sin go bhfuil bascadh i ndán dóibh-sean ag Dia agus bhur slánú i ndán daoibhse.
29
Mar tá sé faighte de phribhléid agaibh-se as ucht Chríost ní hamháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.
30
Tá an comhrac céanna le tabhairt agaibh-se a chonaic sibh dá thabhairt agam-sa agus a chloiseann sibh a bheith dá thabhairt agam anois féin.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4