bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Titus 2
Titus 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Bíodh dʼfhocailse, áfach, ag teacht leis an teagasc folláin.
2
Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus sa bhfoighne.
3
Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan a bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc
4
dʼfhonn a thabhairt ar na mná óga a bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí
5
agus a bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.
6
Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh a bheith stuama staidéartha
7
agus bí-se féin i dʼeiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim
8
agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.
9
Abair leis na seirbhísigh a bheith umhal dá máistrí agus a bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad a bheith tagrach
10
nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár Slánaitheoir, i ngach ní.
11
Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine.
12
Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta,
13
fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.
14
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
15
Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3