bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Chronicles 5
1 Chronicles 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 6 →
1
Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine,
2
óir d' éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha mar tháinig flaith ar a shliocht ach d' fhan ceart na céadghine ag Iósaef.
3
Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi.
4
Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan;
5
Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan;
6
Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é.
7
A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá,
8
Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil. Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.
9
Shín a thailte soir go dtí an fásach ar an taobh seo den Eofrataes mar bhí a lán tréada acu i dtír Ghileád.
10
Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád.
11
Mhair clann Ghád ina gcóngar ag cur fúthu i dtír Bháiseán chomh fada le Salacá:
12
Ióéil, an taoiseach, Seáfám an dara duine, ansin Ianaí agus Seáfát i mBáiseán.
13
A ngaolta de réir finí: Míocáéil, Misiulám, Seaba, Iórai, Iacán, Zía, Eibir; seachtar.
14
Seo iad clann mhac Aibíochail: Bein Húraí, Bein Ioróach, Bein Gileád, Bein Míocáéil, Bein Isíseaí, Bein Iachdó, Bein Búz.
15
Aichí mac Aibdíéil mac Ghúnaí ceann a gclainne.
16
Chuir siad fúthu i nGileád, i mBáiseán agus ina bhailte fearainn agus ar fud tailte féaraigh Sheárón ó cheann ceann.
17
Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.
18
Clann Reúbaen, clann Ghád, leaththreibh Mhanaise, cuid dá ngaiscígh, lucht iompartha scéithe agus claímh, agus láimhsithe bogha, le taithí ar chogaíocht, daichead a ceathair míle seacht gcéad seasca díobh ullamh chun seirbhíse
19
chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb.
20
Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d' éist sé lena nguí.
21
Thugadar leo óna n-eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear,
22
óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n-áit siúd go dtí an deoraíocht.
23
Chuir sliocht leath-threibh Mhanaise fúthu sa dúiche idir Báiseán agus Bál Hearmón, Sainír agus Sliabh Hearmón. Bhíodar an-líonmhar.
24
Seo iad cinn a bhfiní: Éifir, Ísí, Eilíéil, Aizríéil, Irimia, Hódaiviá, Iachdiéil. Gaiscígh thréana iadsan, fir cháiliúla, cinn a bhfiní
25
Ach chiontaíodar in aghaidh Dhia a sinsear, agus rinneadar striapachas le déithe ciníocha na tíre a scrios Dia rompu.
26
Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29