bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Kings 17
1 Kings 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 18 →
1
An Triomach
2
Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:
3
«Imigh leat as an áit seo, gabh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.
4
Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.»
5
Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d' imigh sé agus d' fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.
6
Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d' óladh sé uisce an tsrutháin.
7
Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír.
8
Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:
9
«Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.»
10
D' éirigh sé agus d' imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: «Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.»
11
Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: «Ar mhiste leat,» ar sé, «blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.»
12
«Dar an Tiarna do Dhia beo,» a d' fhreagair sí, «níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.»
13
Ach dúirt Éilias léi: «Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.
14
Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ' Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.'»
15
D' imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d' ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.
16
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
17
Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann.
18
Dúirt an bhean le hÉilias: «Cad é atá agat i m' éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?»
19
«Tabhair dom do mhac,» ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d' iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d' fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
20
Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: «A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?»
21
Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: «A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t-anam isteach sa leanbh seo arís.»
22
Thug an Tiarna cluas d' urnaí Éilias agus tháinig an t-anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo.
23
Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é.
24
«Féach,» arsa Éilias, «tá do mhac beo.» D' fhreagair an bhean: «Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.»
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22