bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Thessalonians 4
1 Thessalonians 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d' achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.
2
Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.
3
Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis,
4
go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim
5
agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;
6
gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n-agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.
7
Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta.
8
Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.
9
Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile.
10
Sin é go díreach atá á dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne á iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós,
11
agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana.
12
Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith.
13
Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas.
14
Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.
15
Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis:
16
mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.
17
Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.
18
Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5