bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Corinthians 13
2 Corinthians 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. «Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d' fhinnéithe.»
2
Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís
3
ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libhse ach é go cumasach in bhur measc.
4
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
5
Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh rud atá mura bhfuil cliste oraibh?
6
Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne.
7
Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc ach ní d' fhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach d' fhonn is go ndéanfadh sibhse an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn.
8
Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin.
9
Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibhse go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibhse ar lán bhur leasa.
10
Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.
11
Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.
13
(13:12) Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa.
14
(13:13) 12b Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh. 13 Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13