bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Kings 1
2 Kings 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 2 →
1
Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael.
2
Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: «Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.»
3
Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: «Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: 'An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?'
4
Mar seo a deir an Tiarna: 'An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.'» Agus d' imigh Éilias leis.
5
D' fhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: «Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?»
6
«Tháinig fear inár gcoinne,» ar siad leis, «agus dúirt sé linn: 'Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.'»
7
«An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,» ar sé leo, «cén sórt duine é?»
8
«Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,» ar siad leis. «Ba é sin Éilias an Tisbíoch,» ar sé.
9
Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: «A ghiolla Dé, deir an rí ' Tar anuas.'»
10
D' fhreagair Éilias an ceannaire caogad: «Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.» Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
11
Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: «A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: 'Tar anuas gan mhoill.'»
12
D' fhreagair Éilias iad: «Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear «Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
13
Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d' impigh air á rá: «A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m' anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.
14
Tháinig tine anuas ó neamh agus scrios sí an bheirt cheannaire caogad eile lena gcaogaidí; ach bíodh luach éigin ar m' anamsa i do shúile.»
15
Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: «Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.» D' éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta,
16
agus dúirt sé leis: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.'»
17
Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.
18
An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25