bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Timothy 4
2 Timothy 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
1
I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht
2
an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
3
Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;
4
tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.
5
Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.
6
I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.
7
Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.
8
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
9
Déan do dhícheall teacht chugam go luath.
10
Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d' imigh leis go Teasaloinicé. D' imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.
11
Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.
12
Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas.
13
Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a d' fhág mé ag Carpas i dTróas agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim.
14
Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis.
15
Seachainse tú féin air siúd mar is dian a chuir sé i gcoinne ár dteagaisc.
16
Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.
17
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin
18
agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.
19
Beir beannacht uaim go Priosca agus Acula agus go teaghlach Onaesaforas.
20
D' fhan Earastas i gCorant agus d' fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.
21
Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat.
22
Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
All chapters:
1
2
3
4