bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Acts 22
Acts 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 23 →
1
«A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.»
2
Nuair a chuala siad ag labhairt sa teanga Eabhra é, d' éirigh siad ní ba chiúine fós.
3
Lean sé air: «Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.
4
Rinne mé géarleanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná á ngabháil agam agus á gcur i bpríosún.
5
Tá an t-ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,
6
ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall.
7
Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: 'A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?'
8
' Cé thú féin, a thiarna?' arsa mise á fhreagairt. 'Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,' ar seisean.
9
Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom.
10
Dúirt mé ansin: 'Cad atá le déanamh agam, a thiarna?' Agus dúirt an Tiarna liom: 'Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.'
11
Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc.
12
«Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann,
13
agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair á rá liom: 'A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.' Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís.
14
Ansin dúirt sé liom: 'Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeadh fios a thola agat, go bhfeicfeá an Fíréan agus go gcloisfeá glór a bhéil féin.
15
Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat.
16
Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.'
17
«Chuaigh mé ar ais go Iarúsailéim, agus le linn dom bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus
18
chonaic mé é agus é á rá liom: 'Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.'
19
' Ach, a Thiarna,' arsa mise leis, ' nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil?
20
Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán á doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n-éadaí do lucht a mharaithe.'
21
Agus is é a dúirt sé liom: 'Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.'»
22
D' éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: «Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.»
23
Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer.
24
D' ordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dúnfort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air.
25
Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: «An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?»
26
Nuair a chuala an taoiseach céad an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: «Cad a mheasann tú a dhéanamh?» ar seisean leis, «is saoránach Rómhánach é siúd.»
27
Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. «Inis dom», ar seisean, «an saoránach Rómhánach tusa.» «Is ea,» arsa Pól.
28
Dúirt an ceannasaí á fhreagairt: «Sea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.» «Tá sí agamsa ó dhúchas,» d' fhreagair Pól.
29
An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal.
30
Lá arna mhárach, d' fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28