24 Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna. 25 Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá: 26 Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha, a thuilleann moladh, agus moladh go deo le d' ainm. 27 Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíor d' oibreacha go léir, is is díreach do shlite, is is fírinneach do bhreithiúnais. 28 Thug tú breith chóir i ngach ar sheol tú orainn agus ar chathair naofa ár n-aithreacha, Iarúsailéim. Mar san fhírinne agus sa cheart thug tú iad seo uile orainn trínár bpeacaí. 29 Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach. Pheacaíomar go mór agus níor ghéilleamar do d' aitheanta. 30 Níor chomhlíonamar iad, ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinn ar mhaithe linn féin. 31 Uime sin gach ar thug tú sa mhullach orainn, gach a ndearna tú linn, tá siad seo déanta agat sa tslánchóir. 32 Thug tú sinn i lámha ár namhad, do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach, agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain. 33 Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt; táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d' adhartha. 34 Ná tréig sinn ar fad ar son d' aimn agus ná bris do chonradh. 35 Ná tóg ar ais uainn do thrócaire ar son Abrahám do chara, agus Íosác do shearbhónta, is Iosrael do neach naofa, 36 ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus le gaineamh ar thrá na mara. 37 Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile, agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí. 38 Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa, uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis, ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit, 39 agus trócaire a fháil os do chomhair. Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn, 40 mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbh agus leis na mílte ar dheich mílte d' uain mhéithe; gurb amhlaidh sin dár n-íobairt inniu os do chomhair, i slí is go leanfaimid thú go hiomlán, mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa. 41 Anois leanaimid thú ó chroí lán; tá d' eagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis. 42 Ná cuir náire orainn, ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachta agus de réir do thrócaire rómhór. 43 Fuascail sinn de réir d' oibreacha taibhseacha, agus tabhair glóir do d' ainm, a Thiarna. 44 Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí; go raibh siad faoi tháir, a gcumhacht uile ar ceal, agus a neart go léir cloíte. 45 Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna, faoi ghlóir ar fud an domhain uile. 46 Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna. 47 D' ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde, 48 agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise. 49 Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach 50 i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu. 51 Caintic an Triúr Ógánach Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
What Does This Mean?
This verse describes how Shadrach, Meshach, and Abednego, three men who refused to worship King Nebuchadnezzar's idol, were thrown into a fiery furnace. Despite being bound, they were thrown into the fire, but the story continues with a miraculous outcome. The verse shows their unwavering faith and the test they faced.
Explained for Children
Imagine you're playing a game where you have to jump into a big, hot pool, but you're tied up. That's kind of like what happened to Shadrach, Meshach, and Abednego. They were brave and stayed true to what they believed, even when things looked really scary.
Historical Background
The Book of Daniel was written by the prophet Daniel, who lived in the Babylonian court. This verse is part of a larger narrative that took place around 600 BC, showing the faithfulness of Jews in a foreign land under threat of severe punishment for their beliefs.
Living It Out Today
Today, this story can help us when we face situations where we must stand firm in our beliefs, even if it means facing difficult consequences. Think about a time you had to stick to your principles, like not cheating on a test even if others are doing it.
Topics
faithperseverancemiraclestesting of faithchallengesdetermination
What was the reason for their being thrown into the furnace?
They were thrown into the furnace because they refused to worship an idol that King Nebuchadnezzar had set up, demonstrating their unwavering faith in God.
How did they react to being thrown into the fire?
The text doesn't explicitly state their reaction, but their willingness to face the furnace shows their deep faith and trust in God's protection.
What does this story teach about faith?
This story teaches that true faith means standing up for what you believe in, even when it means facing difficult consequences, and trusting in God's protection.
Are there other stories in the Bible about people facing fiery trials?
Yes, other stories include Shadrach, Meshach, and Abednego themselves in the same chapter, and the three Hebrew boys in Daniel 6, as well as Jesus' teaching on trials in Matthew 10.