Daniel 3

Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)

← Chapter 2 Chapter 4 →
2324 Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna. 25 Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá: 26 Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha, a thuilleann moladh, agus moladh go deo le d' ainm. 27 Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíor d' oibreacha go léir, is is díreach do shlite, is is fírinneach do bhreithiúnais. 28 Thug tú breith chóir i ngach ar sheol tú orainn agus ar chathair naofa ár n-aithreacha, Iarúsailéim. Mar san fhírinne agus sa cheart thug tú iad seo uile orainn trínár bpeacaí. 29 Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach. Pheacaíomar go mór agus níor ghéilleamar do d' aitheanta. 30 Níor chomhlíonamar iad, ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinn ar mhaithe linn féin. 31 Uime sin gach ar thug tú sa mhullach orainn, gach a ndearna tú linn, tá siad seo déanta agat sa tslánchóir. 32 Thug tú sinn i lámha ár namhad, do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach, agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain. 33 Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt; táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d' adhartha. 34 Ná tréig sinn ar fad ar son d' aimn agus ná bris do chonradh. 35 Ná tóg ar ais uainn do thrócaire ar son Abrahám do chara, agus Íosác do shearbhónta, is Iosrael do neach naofa, 36 ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus le gaineamh ar thrá na mara. 37 Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile, agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí. 38 Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa, uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis, ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit, 39 agus trócaire a fháil os do chomhair. Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn, 40 mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbh agus leis na mílte ar dheich mílte d' uain mhéithe; gurb amhlaidh sin dár n-íobairt inniu os do chomhair, i slí is go leanfaimid thú go hiomlán, mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa. 41 Anois leanaimid thú ó chroí lán; tá d' eagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis. 42 Ná cuir náire orainn, ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachta agus de réir do thrócaire rómhór. 43 Fuascail sinn de réir d' oibreacha taibhseacha, agus tabhair glóir do d' ainm, a Thiarna. 44 Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí; go raibh siad faoi tháir, a gcumhacht uile ar ceal, agus a neart go léir cloíte. 45 Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna, faoi ghlóir ar fud an domhain uile. 46 Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna. 47 D' ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde, 48 agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise. 49 Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach 50 i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu. 51 Caintic an Triúr Ógánach Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
← Chapter 2 Chapter 4 →