bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hebrews 13
Hebrews 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí;
2
ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh.
3
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.
4
Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.
5
Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: «Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.»
6
Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: «Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?»
7
Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d' fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.
8
Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.
9
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
10
Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di.
11
Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n-ainmhithe a dtugann an t-ardsagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca.
12
Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin.
13
Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó.
14
Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht.
15
Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.
16
Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia.
17
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n-anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
18
Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.
19
Iarraim d' achainí róspeisialta oraibh é seo a dhéanamh ionas go mba luaithide a sheolfar ar ais chugaibh mé.
20
Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,
21
go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.
22
Impím oraibh, a bhráithre, cur suas leis an bhfocal misnigh seo. Óir níl ann ach litir ghairid.
23
Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh ár mbráthair, Tiomóid, as príosún. Má thagann sé chugam in am, beidh sé in éineacht liom nuair a fheicfidh mé sibh.
24
Tugaigí mo bheannacht do bhur gceannairí agus do na Críostaithe uile. Cuireann muintir na hIodála a mbeannacht chugaibh.
25
Go raibh grásta Dé agaibh go léir. Amen.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13