bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Joel 3
Joel 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
«Féach, sna laethanta sin agus ag an am sin a rathóidh mé Iúdá agus Iarúsailéim arís 4:1
2
4:2 cruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile agus seolfaidh mé síos iad go dtí Gleann Iahóiseáfát chun breith a thabhairt orthu ansin mar gheall ar mo phobal agus m' oidhreacht Iosrael; mar scaip siad i measc na náisiún iad agus roinn siad mo thír eatarthu féin.
3
4:3 Chaith siad crainn ar mo phobal agus thug siad garsún ar láimh mar mhalairt ar striapach agus dhíol siad cailín ar fhíon agus d' ól siad é.
4
4:4 Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodón agus a dhúichí na bhFilistíneach? An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm? Má imríonn sibh díoltas orm casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te.
5
4:5 Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óir agus a d' iompair isteach in bhur dteampall féin mo chuid earraí sárluachmhara!
6
4:6 Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéim leis na Iávánaigh agus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!
7
4:7 Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibh agus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin
8
4:8 Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha le muintir Iúdá agus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh, náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu. Is é an Tiarna féin a dúirt é.
9
4:9 Fógraígí é seo i measc na náisiún! Ullmhaígí don chogadh! Gríosaígí na laochra! Tagadh na saighdiúirí go léir i láthair agus gluaisidís leo!
10
4:10 Déanaigí claimhte de bhur gcuid soc agus sleánna de bhur gcorráin bhainte. Abradh an lag: 'Is laoch mé.'
11
4:11 Tagaigí go tapa, a náisiúna uile na comharsanachta! Bailígí le chéile ansin! (A Thiarna, cuirse do laochra féin chugainn anuas.)
12
4:12 «Corraíodh na náisiúin iad féin agus tagadh siad go dtí Gleann Iahóiseáfát mar is ansin a shuífidh mé chun breith a thabhairt ar náisiúin uile na comharsanachta.
13
4:13 Tá an fómhar aibí cuirigí an corrán ag obair air mar sin. Tagaigí, satlaígí tá an chantaoir lán agus na dabhcha ag cur thar maoil. Is mór í a mallaitheacht go deimhin.»
14
4:14 Tá na sluaite tiubha bailithe le chéile i nGleann an Bhreithiúnais. Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht i nGleann an Bhreithiúnais.
15
Tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile. 4:15
16
4:16 Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón agus cloistear a ghlór ó Iarúsailéim. Tá an spéir agus an talamh ar crith. Beidh an Tiarna ina dhídean dá phobal. beidh sé ina dhúnáras do chlann Iosrael.
17
4:17 «Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia, a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa. Beidh Iarúsailéim ina háit naofa agus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.»
18
An lá sin silfidh na sléibhte fíon nua; beidh leamhnacht ina slaoda ar na cnoic agus uisce ag rith i gclaiseanna uile Iúdá. Bhrúchtfaidh tobar amach as teach an Tiarna agus uisceoidh sé Gleann Sitím. 4:18
19
4:19 Beidh an Éigipt ina díthreabh agus Eadóm ina fhásach lom de dheasca na hainíde a d' imir siad ar chlann Iúdá nuair a dhoirt siad a gcuid fola neamhchiontaí ina dtír.
20
4:20 Beidh daoine ina gcónaí in Iúdá agus in Iarúsailéim ó ghlúin go glúin go deo.
21
4:21 «Bainfidh mé éiric a gcuid fola amach agus ní ligfidh mé aon duine díobh slán. Is ar Shíón a bheidh a áitreabh ag an Tiarna.»
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3