bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jonah 3
Jonah 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna athuair:
2
«Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t-oracal a thabharfaidh mé duit.»
3
D' éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú.
4
Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t-oracal seo á fhógairt aige: «I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,»
5
nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D' fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.
6
Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d' éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.
7
Ansin chuir sé an forógra práinneach seo á chraoladh ar fud Nínivé: «Forógra an rí agus a mhóruaisle: Ná blaiseadh duine ná ainmhí, táin ná tréad aon ní; ná hithidís bia, ná hólaidís uisce.
8
Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir.
9
Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n-imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?»
10
Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4