bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Luke 4
Luke 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 5 →
1
Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é
2
go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.
3
Dúirt an diabhal leis: «Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.»
4
Agus d' fhreagair Íosa é: «Tá scríofa: 'Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.'»
5
Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire;
6
agus dúirt an diabhal leis: «Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é.
7
Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.»
8
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Tá scríofa: 'Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.'»
9
Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: «Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos;
10
óir tá scríofa: 'Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú';
11
agus: 'Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.'»
12
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Tá ráite: 'Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.'»
13
Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d' fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
14
Agus d' fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.
15
Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.
16
Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d' éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
17
Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:
18
«Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
19
ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.»
20
D' fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.
21
Agus thosaigh sé ag rá leo: «Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.»
22
Agus thug cách fianaise air, b' ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: «Nach é mac Iósaef é seo?»
23
Agus dúirt sé leo: «Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: 'A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.'»
24
Ach dúirt sé: «Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin.
25
Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,
26
agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine.
27
Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.»
28
Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d' fheirg,
29
agus d' éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill.
30
Ach ghabh sé trína lár agus d' imigh leis.
31
Chuaigh sé síos go Cafarnáum, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé á dteagasc lá sabóide.
32
Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar.
33
Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard:
34
«Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.»
35
Agus dúirt Íosa leis go bagrach: «Bí i do thost, agus imigh amach as.» Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d' imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.
36
Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: «Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.»
37
Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre.
38
Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son.
39
Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d' fhág an fiabhras í; agus d' éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.
40
Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad.
41
Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: «Is tú Mac Dé.» Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.
42
Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu.
43
Ach dúirt sé leo: «Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.»
44
43b Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24