bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Malachi 1
Malachi 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Oracal. Briathar an Tiarna d' Iosrael trí bhéal Mhalaicí.
2
«Tá grá agam daoibh,» a deir an Tiarna; ach deir sibhse: «Conas a ghráíonn tú sinn?» «Nach é Éasau deartháir Iacóib?» a deir an Tiarna. «Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;
3
agus tá col agam le hÉasau. Sin é fáth a ndearna mé díthreabh dá shléibhte agus fásach leathan dá oidhreacht.»
4
Má deir Eadóm: «Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,» is é a deir Tiarna na Slua: «Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ' Dúiche an oilc' agus ' An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor'.»
5
Feicfidh bhur súile cinn féin é seo agus déarfaidh sibh: «Is tréan é an Tiarna, fiú lasmuigh de theorainn Iosrael.»
6
«Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t-ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m' ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ' Conas a mhaslaíomar d' ainm?'
7
Trí arán truaillithe a ofráil ar m' altóir! Athfhiafraíonn sibhse ansin: 'Conas a thruaillíomar thú?' Trína rá go bhfuil bord an Tiarna inmhaslaithe!
8
Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua.
9
Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach más sibhse a rinne an rud seo an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua.
10
«Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m' altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.
11
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m' ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m' ainm toirbhirt ghlan; mar is mór é m' ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
12
Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: 'Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.'
13
' A leithéid de chrá croí,' a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna.
14
Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n-ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m' ainm i measc na náisiún.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4