bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Nehemiah 4
Nehemiah 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
1
Nuair a chuala Sanballat go raibh na ballaí á n-atógáil againn, tháinig fraoch agus cuthach feirge air. Rinne sé fonóid faoi na Giúdaigh 3:33
2
3:34 agus dúirt i láthair a ghaolta agus maithe na Samáire: «Cén fuadar atá faoi na truáin Ghiúdacha seo? [An bhfuil siad le tosú?] An dóigh leo nach bhfuil ann ach gnó lae acu? An dóigh leo gur féidir dóibh anam a chur arís sna clocha seo, na clocha dóite seo, a sciob siad ó na cnocáin luaithrigh?»
3
3:35 Bhí Tóibíá an tAmónach taobh leis, agus dúirt sé: «Tógaidís leo! má phreabann sionnach ar a mballa, leagfaidh sé na clocha anuas!»
4
3:36 Féach, cad é drochmheas atá orainn, a Dhia linn! Tabhair a n-asacháin sa mhullach orthu féin! Cuir táir orthu i dtír éigin ina dtiomáinfear iad ar deoraíocht.
5
3:37 Ná ceil a gciontacht agus ná scrios a bpeaca as do radharc, óir ghriog siad chun feirge thú os comhair lucht na tógála.
6
3:38 Bhíomar ag atógáil an bhalla idir an dá linn, agus ba ghearr go raibh sé leath slí suas timpeall ar fad mar go raibh fonn oibre ar na daoine.
7
4:1 Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n-iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,
8
2 agus rinneadar comhcheilg teacht le chéile agus Iarúsailéim a ionsaí agus cur as do mo bheartas.
9
3 Ansin ghuíomar chun ár nDé agus chuireamar buíon ar garda ina n-aghaidh de lá agus d' oíche [d' fhonn an chathair a chosaint].
10
4 Ach chrom Iúdá ar ghearán: «Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.»
11
5 Agus deireadh ár naimhde: «Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.»
12
6 Thug Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina gcóngar rabhadh dúinn deich n-uaire ina dtaobh, á rá: «Tá siad chugainn as gach ball ina bhfuil cónaí orthu.»
13
7 [Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d' eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu.
14
8 Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d' éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: «Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.»
15
9 Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d' imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa.
16
10 Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,
17
11 a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile.
18
12 Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m' ais.
19
13 Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: «Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.
20
14 Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.»
21
15 Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí.
22
16 Ansin dúirt mé leis an bpobal: «Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.»
23
17 Ní dhearna aon duine againn, mé féin ná mo ghaolta ná mo sheirbhísigh ná baill mo gharda phearsanta, ár gcuid éadaigh a bhaint dínn aon uair, ach a airm [i láimh gach duine].
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13