bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Philemon 1
Philemon 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
1
Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,
2
don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.
3
Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
4
Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m' urnaithe.
5
Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile.
6
Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.
7
Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.
8
Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin
9
is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d' achainí ort mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,
10
tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.
11
Ba bheag an chabhair duitse tráth é ach is fóinteach duitse agus domsa anois é.
12
Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat,
13
cé go mb' fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.
14
Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.
15
B' fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air,
16
ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.
17
Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d' fháilteofá romham féin.
18
Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é.
19
Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d' anam féin mar fhiacha agam ort.
20
Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.
21
Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.
22
Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe.
23
Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe
24
Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.
25
Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1