bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Revelation 9
Revelation 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 10 →
1
Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.
2
Agus d' oscail sé an poll duibheagáin agus d' éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.
3
Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.
4
Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d' fhéar na talún, ná d' aon fhás ná d' aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n-éadan.
5
Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.
6
Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.
7
Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d' ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;
8
bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon.
9
Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.
10
Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.
11
Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.
12
Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.
13
Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé,
14
agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: «Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.»
15
Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.
16
Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua chuala mé a líon dhá oiread deich míle de dheich míle fear.
17
Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m' fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.
18
Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.
19
Óir tá cumhacht na n-each ina mbéal agus ina n-eireaball. Tá a n-eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar.
20
Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.
21
Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n-asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22