bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Titus 3
Titus 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;
2
gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n-iompar ar fad.
3
Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d' ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d' urchóid agus d' fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.
4
Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn.
5
Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh.
6
Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost ár slánaitheoir
7
chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.
8
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
9
Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu.
10
An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach.
11
Bíodh a fhios agat go bhfuil a leithéid sin claon agus ag déanamh peaca agus go bhfuil sé daortha as a bhéal féin.
12
Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt.
13
Tabhair do d' aire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apollós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu.
14
Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan bheith neamhthorthúil.
15
Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3