bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Timothy 2
1 Timothy 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
1
Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh;
2
Ar son na ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cúmhachda; chum ar mbeatha do chaitheamh go sm mbeatha do chaitheamh go súaimhneach siothchánta dhúinn a nuile chráibhtheachd agus chneasdachd.
3
Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir;
4
Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fírinne.
5
Oír is áoin Ndía atá ann, agus áon eidirmheadhontóir eidir Dhía agus dháoinibh, eadhon an duine Iósa Críosd;
6
Noch tug é féin na fhúasgladh ar son na nuile dháoineadh, mar fhiadhnuise a nám iomchubhaidh.
7
Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, (lábhruim a nfírinne a Gcríosd, ní dhéunuim bréug; um fhear teaguisg na Gcineadhach, a gcreideamh agus a bhfírinne.
8
Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.
9
Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh;
10
Achd (mar is cúbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh.
11
Déunadh an bhean fóghluim a gcíuinus maille ris a nuile úmhlachd.
12
Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, achd bheith na tóchd.
13
Oír a sé Adhamh do crúthuigheadh ar tús, agus na dhiáigh sin Eúbha.
14
Agus ní hé Adhamh do mealladh, achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh a sí bá ciontach ré briseadh na háithne.
15
Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid síad a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6