bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Timothy 3
1 Timothy 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
As rádh fírinneach so, Má atá fonn ar áoinneach oifig easbuig do ghlacadh, íarruidh sé obair mhaith.
2
Uime sin as coir deasbóg a bheith neamhlochdach, na fhior éunmhná, na dhuine fhaireach, mheassarrdha, mhacánta dáonnachdach, réidh chum teaguisg;
3
Gan bheith rofhonnmhar a bhfíon, gan bheith buáilteach, gan dúil do bheith aige a neudáil neamhghloin; achd bheith ceannsaigh, neamhcheannairceach, neamshanntach;
4
Agus na dhuine ríaghluigheas a thigh féin go maith, agá mbí a chlánn fá úmhlachd maille ris an uile thrómghachd;
5
(Oír munab eól do neach a thigh féin do riaghlughadh, cionnas bhías cúram eagluise Dé air?
6
Gan bheith dhó na noibhíseach, deagla ar mbeith dhó líonta dúabhar go duitfeadh sé a ndannughadh an díabhail.
7
As cóir dhó fós deaghtheisd do bheith air ag an druing atá a muith; deagla go bhfuigheadh se sgannuil agus go dtuitfeadh sé a ndul an díabhal.
8
Mar an gcéudma as cóir do na deaochánuibh bheith trómdha, gan a dteanguidh liom-leachd, gan bheitho fhonnmhar a bhfíon, ná dúil do bheith aca a néudáil neamhghloin;
9
Ag congmháil sheicréide an chreidimh a gcoinnsías ghlan.
10
Agus déuntar íad so do dhearbhadh mar an gcéudna ar tús; ná dhíaigh sin déunuid miniosdrálachd, má gheibhthear neamhlochdach íad.
11
A mná már an gcéudna trómgha, neamhthatháoireach, súaimhneach, ionruic sna huile neithibh.
12
Bíodh na deocháin na bhfearuibh áon mhná, ag ríaghlughadh a gcloinne agus a dtightheadh féin go cúbhaidh.
13
Oir an dream do ní miniosdrálachd go maith gnodhnighid síad céim maith dhóibh féin, agus dánach mhór trés an gcreideamh atá a Niósa Críosd.
14
Sgriobhuim na neithese chugad, ar mbeith dhamh muinighneach re theachd go haithghearr a ttionnsuighe.
15
Achd ma ním muill ré theachd, chum a fheasa do bheith agad cionnas as cóir dhuit thú féin diomchar a dtigh Dé, eadhon eagluis Dé bhí, posda agus daingean na fírinne.
16
Agus gan amharus as mór seicréod na díaghachda: Do rinneadh Día follas sa ccoluinn, do foillsigheadh é na fhiréun sam Sbioruid: do chonncas é ré hainglibh, do rinneadh a shéanmóir do na Cineadhachuibh, do chreideadh dhó sa tsáoghal, agus do gabhadh súas chum glóire é.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6