bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Corinthians 13
2 Corinthians 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Ag so an treas uáir dhamh ag teachd chuguibh. A mbéul dheisi no trír fínné biáidh gach uile bhríathar ar bun.
2
Do réumhráidh mé, agus réúmhráidhim, an dara huair, amhuil as do bhéinn bhur látháir; agus ar mbeith dhamh as bhir lathair sgríobhuim a nois chum na druinge do pheacuidh roimhe so, agus chum na coda eile uile, dá dtigidh mé a rís, ní choigeólad sibh:
3
O atá sibh ag íarruigh dearbhadh ar Chríosd labhrus ionnam, noch da bhur dtáobhsa nach bhfuil éugcruáidh, achd atá cúmhachdach ionnuibh.
4
Oír bíodh gur céusadh é tré éugcrúas, mairidh sé fós tré chumhachd Dé. Oír atámuidne fós éugcruáidh maille rision, gidheadh bíam beó maille ris tré chúmhachd Dé bhur dtáobhsa.
5
Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh; cúartuighe sibh féin. A né nach feasach sibh oruibh féín, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh, achd muna dáoine éidearbhtha sibh.
6
Achd atá súil agum go mbiáidh a fhios aguibh nach dáoine éidearbhtha sinne.
7
Agus íarruim dathchuinghe ar Dhía gan sibhse do dhéanamh uile ar bith; ní chum go measfuidhe sinne do bheith dearbhtha, achd chum sibhse do dhéunamh neithe iomchubhaidh, bíodh go mbeimísne éidearbhtha.
8
Oír ní féidir linn ní ar bith do dhéanamh a nádhuigh na firinne, achd ar son na fírinne.
9
Oír bí lúathgháir oruinn, an tan bhímid féin éugcruáidh, agus sibhse láidir: agus íarrmuid so dathchuinghe ar Dhía mar an gcéudna, eadhon sibhse do bheith doingmhálta.
10
As uime sin sgriobhuim na neithe so ar mbeith dhamh as bhur láthair, deagla mo bheith borb ar mbeith a lathair dhamh, do réir na gcúmhachd tug an Tíghearna dhamh chum follamnuighthe, agus ní chum sgriosda.
11
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
12
Teannuidh féin ré chéile maille ré póig náomhtha.
13
Cuirid na náoimh uile a mbeannachd chuguibh.
14
Grása an Tighearna Iósa Críosd, agus grádh Dé, agus cumann an Sbioruid Náoimh, maille ribh uile. Amén.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13