bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Corinthians 6
2 Corinthians 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
1
Agus ar mbeith dhúinne, ag cungnamh rision, íarrmuid fós dathchuinghe oruibh gan ghrás Dé do ghabhail chuguibh do díomhaóin.
2
(Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: féuch, a nois an tam iomchubhaidh; féuch, a nois lá an tslánaighthe.)
3
Ní thabhramaoid adhbhar ar bith oilbhéime uáinn a néinní, deagla go mbeith an mhiniosdrálachd dá diomoladh:
4
Achd do nímid sinn féin ionmholta sa nuile ní mar mhinisdribh Dé, ré foighid fhada, a mbuáidhearthuibh, a raichdanus, a namhgar.
5
A mbuillidhibh, a bpriosúnuibh, a ndíbirt ó áit go háit, a sáothar, a bhfaire, a dtroisgibh;
6
A ngeanmnuidheachd, a néolus, a niomchar fhada, a macántas, máille ris an Sbiorad Náomh, máille ré grádh neamhfhallsa,
7
Maille ré bréíthir na fírinne, maille ré cúmhachd Dé, maille ré harmuibh fíréuntachda air ar láimh dheis agus chlé,
8
Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheaghtheisd: mar mhealltóirigh, agus íad fírinneach;
9
Mar dhruing nach aitheantar, agus déghaitheanta; mar ag fagháil bháis, agus, féuch, atámuid béo; mar smachduighthe, agus gan a marbhadh;
10
Mar ag déunamh doilgheasa, achd do ghnáth ag déunamh gáirdeachais; mar bhochda, gidheadh do ní morán saidhbhir; mar dhaónibh gan ní air bith aca, gidheadh do shealbhuigheas na huile neithe.
11
O a Chorinthiánacha, atá ar mbéulne osguilte chuguibhse, atá ar gcroidhe ar na dhéunamh fairsing.
12
Ní bhfuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcúmhgach, achd atá sibh cúmhang ann bhur ninnibh féin.
13
Achd dfághail an chúitigh chéudna, (labhruim amhuil rém chloinn,) bighidhse fairsing mar an gcéudna.
14
Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?
15
No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann?
16
Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.
17
Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,
18
Agus biáidh mé aguibh um Athair, agus biáidh sibhse bhar gcloinn mhac agus inghean agumsa, a deir Tighearna na Nuilechúmhachd.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13