bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Timothy 3
2 Timothy 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Agus bíodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara báoghlacha sna laethibh déigheanacha.
2
Oír béid dáoine rócheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, íthiomráiteach, easúmhal dá naithribh agus dá máithribh, dómbuidheach, neamhnáomhtha,
3
Gan ghrádh nadúrtha, luchd drochchoinghill, luchd éilighe bréugacha, neímhmeassardha, borb, gan ghrádh don mhaith,
4
Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día;
5
Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.
6
Oir is don druingse an luchd bhíos ag teultógh a steach a dtighthibh, agus bheireas ríu a mbruid mná simplidhe líonta do pheacadh, noch do threóruighthear ré hainmhíanuibh éugsamhla,
7
Ag fóghluim do shíor, agus go bráth gan teach dhóibh chum eólais na fírinne.
8
Agus do réir mar do chuir Iannes agus Iambres a naghuidh Mhaóisi, as mar an gcéudna chuirid an dreamsa a naghuidh na firinne: luch inntinne truáillighe, mearuighe a dtáobh am chreidimh.
9
Gidheadh ní bhéuruid buáidh ní sa mhó: óir biáidh a gcúthach follas do na huile dháoinibh, amhuil do bhí a gcúthach súd mar an gcéudna.
10
Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid,
11
An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile.
12
Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin.
13
Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.
14
Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad;
15
Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.
16
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:
17
Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
Recommended Reading
Commentary
2 Timothy Commentaries
→
Devotional
2 Timothy Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→