bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Timothy 4
2 Timothy 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
1
Uime sin cuirim dúalach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an Tíghearna Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach agus an ríoghachd;
2
Déuna an bríathar do sheanmóir; bí dúthrachdach a nám, agus a nanám; spreag, smachduighe, agus teaguisg maille ris a nuile cheannsachd agus fhoirceadal.
3
Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir;
4
Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.
5
Gidheadh déunsa faire sna huile neíthibh, fulaing anshógh, déin obair shoíbhisgeil, tabhair fá deara do mhiniosdrálachd do bheith dearbhtha.
6
Oír atáimse a noise féín dom íodhbairt, agus is fógas damh aimsir mimtheachda.
7
Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh:
8
O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.
9
Déun deithneas ré theachd chugam go haithghearr:
10
Oír do thréigh Démas mé, ar dtábhairt ghrádha don tsáoghalsa a láthair, agus do imthigh sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.
11
Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.
12
Agus do chuir mé Tichicus uáim go Hephesus.
13
An tan thiucfas tú, tabhair leachd an brat noch do fhág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leábhair, go háirighe na meamruim.
14
As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguidh an Tíghearna dhó réir a ghníomharthadh.
15
Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air; óir is mór do chuir sé a nadhuigh ar mbríathairne.
16
Ann mo chéud chosaintse níor raibh áonduine agam, achd do thréigeadar uile mé: nar agrar orrtha é.
17
Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.
18
Agus sáorfa an Tíghearna mé ó gach uíle dhrochobair, agus comhéudfuidh mé chum a ríoghachda neamhdha féin: glóir dhósan go saóghal na sáoghal. Amén.
19
Beir beannachd chum Phrisca agus Acuila, agus chum luch tighe Onesíphoruis.
20
Do chómhnuidh Erastus a Gcoríntus. Agus dfág mé Trophimus a Milétum go héugcruáidh.
21
Déun deithneas ré theach roimh an ngéimhreadh. Cuiridh Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Cláudia, agus na dearbhráirthre uile a mbeannach chugad.
22
Go raibh an Tíghearna Iósa Críosd maille réd sbioruid. Grása maille ribh. Amén.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
All chapters:
1
2
3
4
Recommended Reading
Commentary
2 Timothy Commentaries
→
Devotional
2 Timothy Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→