bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Acts 14
Acts 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 15 →
1
Agus tárla a Nicónium, go ndeachadar aráon a náoinfheachd go sionagóig na Níudaigheadh, agus gur labhradar, ar ghléus gur chreideadar buidhean mhór do na Iúdaighibh agus fos do na Gréugachaibh.
2
Achd na Iúdaighthe díchreidmheacha, do bhrosdaigheadar agus do líonadar daingidheachd, inntinn na Gcineadhach a naghaidh na ndearbhraithreach.
3
Uime sin dfanadar aimsear fhada ag labhairt go dána sa Tighearna, noch do rinne fíadhnuise do bhréithir a ghrás féin, agus tug fá deara comharthadha agus miorbhuileadha do dhéumamh tré na lamhaibhsión.
4
Agus tárla connspóid eidir luchd na caithreach: ionnus go raibh dream aca ris na Iúdaighibh, agus dream eile ris na habsdalaibh.
5
Agus ar dtosughadh bruighne do na Cineadhachaibh, agus do na Híudaighthibh maille ré na núachdaránaibh, chum íadsan do mhaslúghadh, agus gabháil do chlochaibh orrtha,
6
Ar na thuigsin só dhóibhsion, do theitheadar go Lístra, agus Derbe, caithreacha na Licaónia, agus don regíon ar gach táobh:
7
Agus do bhádar ag seanmórughadh an tsoisgéil ann sin.
8
Fá a nám sin do bhí duine áirighe a Listra na shuidhe, ag nach raibh a chosa ar a chúmas, do bhí na mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus nar shiúbhail a ríamh.
9
Do chualáidh sé so Pól ag labhairt: agus ar mbeith do Phól ag féuchain go gér air, agus ar mbreathnughadh dhó go raibh creidheamh aige chúm a shlánuighthe,
10
A dubhairt sé do ghúth mór, Seas súas go díreach ar do chosaibh. Agus do léím seision súas, agus do shiúbhail sé.
11
Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.
12
Agus do ghoireadar Iupiter, do Bharnabas; agus Mercúrius, do Phól, do bhrígh gur bhfearr labhartha é.
13
Agus ar mbeith do shagurt Iupiter, as comhair a gcaithreach súd, ar dtabhairt tharbh agus atán ris chim na ngeatadh, bá mian leis íodhbairt do dhéunamh má ráon ris an bpóbal.
14
Achd ar na chlos so do na habsdalaibh, Barnabas agus Pól, ag réubadh a gcúlaidheach dhóibh, do ritheadar a sdeach a measg an phoóbail, ag éighme,
15
Agus ag rádh, A dháoine, créud fá a ndéantáoi na neithese? Oir is dáoine sinnse féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhse, ag soisgéulughadh dhíbh fileadh ó na neithibh diomháoineachsa chum Dé bhí, noch rínne neamh, agus talamh, agus a nfáirge, agus na huile neithe atá ionnta:
16
Noch do fhulaing sna haimsiribh do chuáidh thorainn, do na huile chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin.
17
Bíodh nar fhág sé é féin gan fhíadhnuise, ag déunamh maitheasa, ag tabhairt feathanna dhuinn ó neamh, agus seusúir thórthaigh, ag líonadh ar gcroidheadh do bhíadh agus do gháirdeachus.
18
Agus ar rádh na néitheannsa dhóibh, is ré béigean do chongbhadar an pobal, ó íodhbairt do dhéunamh dhóibh.
19
Gidheadh tangadar Iúdaighe chuca ó Antíochia agus ó Icóníum, noch do chomhairligh an pobal, agus ar ngabháil do chlochaibh ar Phól, do tharruing amach as an gcathruigh é, ar na sháoilsin dóibh go raibh sé marbh.
20
Achd, ar mbeith do na deisciobluibh na seasamh na thimcheall, do éirigh sé súas na sheasamh, agus do chuáidh sé a steach don chathraigh: agus ar na mhárach do imthigh sé as sin má ráon ré Barnabas go Derbe.
21
Agus ar seanmórughadh an tsoisgéil don chathraigh sin doíbh, agus ar dtarruing mhóráin do dheiscioblaibh chuca, dfilleadar go Listra, agus go Hicónium, agus go Hantíochia.
22
Ag neartughadh anmann na deisciobal, agá dteagusg fá amhuin sa gcreideamh, agus gur tré iomad buaidheartha as éigean dúinn dul a steach go ríoghachd Dé.
23
Agus ar nórdughadh sinnsear ann gach eagluis, agus ar ndéunamh úrnaighe dhóibh maille ré trosgadh, do chuireadar ar choimhéud an Tighearna, ionar chreideadar íad.
24
Agus ar ndul dhóibh thríd Phisídia, tangadar go Pamphília.
25
Agus ar labhairt na bhréithre dhoibh a Bperge, do chúadar síos go Hatália:
26
Agus do shéoladar as sin go Hantíochía, a náit as ar cuireadh ar coimhéud ghrás Dé íad chum na hoibre do choimhlíonadar.
27
Agus ar dteachd, agus ar gcruinniúghadh na heagluise a gceann a chéile dhóibh, do fhoillsigheadar méud na neitheann do rinne Día thríothadh, agus gur osgail sé doras an chreidimh do na Cineadhachaibh.
28
Agus do chomhnuigheadar aimsir fhada ann sin a bhfochair na ndeisciobail.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28