bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Acts 25
Acts 25
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 26 →
1
Agus an tan tháinic Festus don phrobhinnsi, do chúaidh sé a gcionn thrí lá na dhíaigh sin ó Shéasareá súas go Hiarusalém.
2
Agus do chúaidh an tárdsagart agus maithe na Niúdaigheadh dhá láthair a naghuidh Phóil, agus do chuireadar impidhe air,
3
Ag íarruidh foghuir a naghuidh Phóil, as go gcuirfeadh sé fios air go Híarusalém, ar gcur luigheacháin ar a tslighe fá chomhair a mharbhtha.
4
Achd do fhreaguir Festus, go raibh Pól air cúmhdach a Séasárea, agus go rachadh sé féin go háithghearr ann sin.
5
Uime sin, ar seisean, gidh bé aguibhsi fhéudfus é, teaghuid síad a náoinfheachd rinne síos, agus má tá olc ar bith ann sa bhfearso, éilighid siad é.
6
Agus ar nfanmhuin dó na measg tuáirim dheich lá, do chuáidh sé síos go Sésárea; agus lá ar na mhárach do shuidh sé ann sa chathaoir bhreitheamhnuis agus do áithin se Pól do thabhuirt a láthuir.
7
Agus an tan tháinic sé, do sheasadar na Iúdaighe tháinic a núas ó Iarusalém na thimcheall, agus tugadar mórán déilighthibh tróma nár fheadadar a chruthúghadh, a naghaidh Phóil.
8
Ar bhfreagra do Phól dá ghlanadh féin, Nách dearna sé ní ar bith a naghaidh dhlighe na Niúdaigheadh, na an teampuill, na Shéasair.
9
Gidheadh air mbeith fonnmhar, air fhoghar do dhéanamh do na Iúdadhuibh, do fhreaguir Festus, do Phól, agus a dubhairt sé, A náill leachd dul súas go Hiarusalém, agus breitheamhnus dfulang ann sin a dtimcheall na neitheadhso am fhíadhnuisisi?
10
Achd a dubhairt Pól, Atáim am sheasamh ag catháoir bhreitheamhnuis Shéasair, ann ar chóir breath do bhreith orum: ní dhearna me eugcóir ar bith ar na Iúdaidhibh, mar as maith atá a fhíos agadsa féin.
11
Oír má rinne mé éugcóir ar both ná éainní do thuill bás, ní bhfuilim ag díultadh bás dfagháil: gidheadh muna ndearna mé áoinné do na neithibhsi éilighid síad oram, ní fhéudann áonduine mo thíodhlacadh dhóibh. Tíaghuim ar chomairce Shéasair.
12
Ann sin do labhuir Festus, ris an gcomhairle, agus do fhreaguirsé, A ndeachaidh tú ar comairce Shéasair? is dionnsuighe Shéasair rachus tú.
13
Agus ar gcaithreamh laéthe áirighe táinic an rí Agrippa agus Bernice go Séasárea do chur failte roimhe Fhestus.
14
Agus ar nfanmhuin dóibh ann sin mórán do laethibh, do fhoillsigh Festus cuis Phóil don rí, ag rádh, Dfag Felics duine áirighe na phríosúnach:
15
Agus an tan do bhí misi a Níarusalém, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsir na Niúdaigheadh chugam na thimcheall, agus do íarradar breith dhamanta na aghuidh.
16
Ar a dtugasa an fhreagra so, Nár bhéus do na Rómhanchuibh duine ar bith do thabhairt dá mhilleadh, nó go dtigdís an luchd éilíghthe a láthuir an tí éilighthear, agus go bhfaghadh sé ionad air é féin do ghlanadh ón gcoir do chuirfidh air.
17
Ar a nadhbharsin, ar dteachd ann so dhóibh a gceann a chéile, ar ná mhárach gan cháirde ar bith do shuidh mé ann sa chatháoir bhreitheamhnuis, agus do aithin mé an fearsin do thabhuirt dom láthuir.
18
Agus do sheasadar luchd a éilighthe na fhochair, agus níor chuireadar cóir ar bith air do na neithibh do sháoil misi;
19
Achd do bhádar ceasda áirighe a dtimcheall a ngeasrigadh féin aca na aghuidh, agus a dtimcheall Iósa éigin, fuáir bás, noch a dubhairt Pól bheith béo.
20
Agus do bhrígh go raibh misi amharusach a leithid sin do cheisd, a dubhairt mé, Nar bháill leis dull go Hiárusalem, agus breitheamhnus thabhairt air ann fá na neithibhsi.
21
Agus an tan díarr Pól é féin do choimhéud nó go bhfuigheadh Augustus fios air, do aithin misi a chúmhdach nó go gcuirfinn chum Séasair é.
22
Agus a dubhairt Agrippa ré Festus, Bá mian riumsa fós mé féin éisdeachd ris an bhfear sin. Agus a dubhairt seisean, cluinfidh tú a márach é.
23
Uime sin ar na mhárach, táinic Agrippa, agus Bernice re poimp ro mhóir, agus do chúadar a steach maille rís na húachdaránuibh, agus ré maithibh na caithreacha, go teagh na cúirte, agus ar na áithne Dfestus tugadh Pól a láthuir.
24
Ann sin a dubhairt Festus, A rí Agrippa, agus a bhfuiltí do dháoinibh a láthair ann so, do chithí an fearso agá dtangadar pobal na Niudaigheadh go huilidhe a Niárusalém, agus ann so, chugamsa na thimcheall, ag éighmhe nár chóir a bheith beó ni as faide.
25
Achd a núair do thuig misi nách dearna sé ní ar bith do thuill bás, agus go ndeachuidh sé féin ar comairce Augustus, do chuir mé romham a chur chuige.
26
Agus ní feas damh éainní áirighe do sgriobhthuinn chum mo thighearna na thímcheall. Ar a nadhbharsin tug mé bhur láthuirsi é, agus go mótmhór dod láthuirsi, a rí Agrippa, ionnus, ar na cheasdughadh, go mbeith agam ní do sgríobhthuinn:
27
Oír do chíthear dhamhsa gur neimhréasúnta príosúnach do chur uáim, agus gan na cúiseanna atá na aghaidh dfoillsiughadh.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28