bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Haggai 1
Haggai 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 2 →
1
Annsa dara blíadhain do Dhárius an rígh, annsa seiseadh mhí, annsa chéad lá don mhí, tháinic bríathar an TIGHEARNA le Haggai an fáigh go Serubbabel mhac Sealtiel, úachdarán Iúdah, agus go Iosua mhac Iosedech, an tárdshagart, ag rádh,
2
¶ Is marso labhrus TIGHEARNA na slógh, ag rádh, A deirid na daóinesi, Ní tháinic an tam fós, an tam ionar chóir tigh an TIGHEARNA do chur súas.
3
Ann sin tháinic bríathar an TIGHEARNA lé Haggai an fáigh, ag rádh,
4
An mithid dibh, ó sibhse, comhnuighe do dhéanamh ann bhur ttighthibh díona, agus an tighse na luidhe na fhásach?
5
Anois uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Measuigh féin bhur slighthe.
6
Do chuireabhair mórán, agus is beag bhearthaoi a steach; ithí, achd ní bhfuil go lór aguibh; ibhthi, acht ní bhfuiltí líonta do dhigh; éaduighthí, acht ní bhfuil áonduine aguibh seasgair; agus an té thuillios túarustal tuilligh sé túarastal dá chur a mála bhrisde.
7
¶ Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Measuigh bhur slighthe.
8
Eirghidhe súas air a tslíabh, agus tugaidh adhmad libh, agus cuiridh an tigh súas; agus biáidh dúil agamsa ann, agus biáidh mé ar mo ghlórughadh, a deir an TIGHEARNA.
9
Do bhi súil agaibh ré mórán, agus féuch, tháinic sin chum beagáin; agus an tan thugabhair don bhaile é, do shéid misi air. Cred uime? a deir TIGHEARNA na slógh. Do bhrígh mo thighe atá na fhásach, agus riothuigh gach duine aguibhsi dhá thigh féin.
10
Uimesin do congmhadh an taiér ós bhur ccionn ó dhrúcht, agus do congmhadh an talamh ó na thoradh.
11
Agus do ghoir misi air thiormach air an ttalamh, agus air na sléibhtibh, agus air a narbhar, agus air an bhfíon núadh, agus air a nola, agus air an nísin noch do bheir an talamh amach, agus air dhaóinibh, agus air airnéis, agus air uile sháothar na lámh.
12
¶ Annsin dúmhluigh Serubbabel mac Seáltiel, agus Iosiah mhac Iosedech, an tárdshagart, maille re huile íarsma an phobail do ghúth an TIGHEARNA a Ndía, agus do bhríathraibh Haggai an fáigh, (mar do chuir an TIGHEARNA a Ndía úadh é,) agus do bhí eagla air an bpobal roimhe an TTIGHEARNA.
13
Annsin do labhair Haggai teachtaire an TIGHEARNA a tteachdaireachd an TIGHEARNA ris an bpobal, ag rádh, Atáimsi maille ribh, a deir an TIGHEARNA.
14
¶ Agus do chorruigh an TIGHEARNA súas spiorad Sherubbabel mhic Seáltiel, úachtarán Iúdah, agus spiorad Iosuah mhic Iosedech, an tárdsagart, agus spiorad íarsma an phobail uile; agus thangadar agus doibrigheadar a ttigh THIGHEARNA na slógh, a Ndía,
15
Annsa cheathramhadh lá fhithchiod don tseiseadh mhí, annsa dara blíadhuin do Dhárius an rígh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 2 →
All chapters:
1
2