bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Haggai 2
Haggai 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
1
Annsa seachtmbadh mí, annsa náonmhadh lá fhithchiod don mhí, thámic bríathar an TIGHEARNA leis an bhfáigh Haggai, ag rádh,
2
Labhair anois re Serubbabel mac Seáltiel, úachdaran Iúdah, agus re Iosuah mhac Iosedech, an tárdsagart, agus ris an ccuid oile don phobal, ag rádh,
3
Cía do fágbhadh ann bhur measgsa do chonairc an tighse iona chéadghlóir? agus ciondus do chítí anois é? nach bhfuil sé ann bhur súilibh a ccompráid dó amhuil neimhní?
4
Gidheadh cheana anois bídh láidir, a Sherubbabel, a deir an TIGHEARNA; agus bí láidir, a Iosuah, mhic Iosedech, an tárdsagart; agus bíthí láidir, a uile phobal na tíre, a deir an TIGHEARNA, agus oibrighidh: (óir atáimsi maille libh, a deir TIGHEARNA na slogh.
5
Do réir a nfocail do cheangail mé ribh a nuáir thangabhair as a Négipt, marsin do chomhnuigh mo spiorad eadruibh: ná bíodh eagla oruibh.
6
Oir is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Tamall bheag, amhain fós, agus croithfidh mé na neamha, agus an talamh, agus a nfairge, agus an talamh tirim;
7
Agus criothfidh mé na huile chineadhacha, agus tiucfuidh fonn na nuile chineadh: agus líonfa mé an tighse le glóir, a deir TIGHEARNA na slógh.
8
Is liomsa an tairgiod, agus is liom an tór, a deir TIGHEARNA na slogh.
9
Budh mó glóir an tighe dheighionaighsi ná an chéid tighe, a deir TIGHEARNA na slógh: agus da bhéara misi síothcháin annsa náitsi, a deir TIGHEARNA na slógh.
10
¶ Annsa ceathramhadh lá fithchiod don náomhadh mí, annsa dara bhadhain do Dhárius, thámic bríathar an TIGHEARNA le Haggai an fáigh, ag rádh,
11
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Fíafruigh anois do na sagartaibh do thaóibh an dlighe, ag rádh,
12
Má iomchrann duine feóil náomhtha a sciorta a éaduigh, agus go mbeanfa a sciorta re harán, nó ré praisce, no ré fíon, no ré hola, nó ré bíadh ar bioth, an mbiaidh sin náomhtha? Agus do fhreagradar na sagairt agus a dubhradar, Ní bhiáidh.
13
Annsin a dubhairt Haggai, Má bheanann duine bhíos neamhghlan ó mharbh re háonchuid díobhso, an mbiáidh sé neamhghlan? Agus do fhreagradar na sagairt agus a dubhradar, Biáidh sé neamhghlan.
14
Annsin do fhreagair Haggai, agus a dubhairt sé, Is marsin atá an pobalso, agus is marsin atá an cineadhso dom latbairsi, a deir an TIGHEARNA; agus is marsin atá mle obair a lámh; agus an ní ofráluid annsin is neamhglan é.
15
Agus anois íarruim dathchuinge oruibh, measuidh ón ló a niugh agus súas, ó roimhe chloich ar bíoth do chur ar chloich a tteampall an TIGHEARNA:
16
O do bhádar na láethesin, an tan tháinic áon go cárn fhíthchiod miosúr, ní raibh acht deich miosúir ann: a nuáir tháinic áon gus a númar brúighte a nfíona do tharruing cháogad soightheach amach ón númar, ní raibh ann achd fithche soitheach.
17
Do bhuáil misi sibh re gáothruáidh agus lé milcheó agus lé cloichshneachda ann uile shaothruibh bhur lámh; gidheadh níor fhilleabhair chugam, a deir an TIGHEARNA.
18
Measuidh anois ón ló a niugh agus súas, ón cheathramhadh lá fithchiod don náomhadh mí, eadhon ón ló far leagadh bunáit theampuill an TIGHEARNA, measuidh é.
19
An bhfuil an síol fós annsa scioból? aseadh, fós ní thug a nfíneamhuin, agus an crann fíge, agus an pomgranat, agus an crann ola, a thoradh: ón ló so amach beinneocha me sibh.
20
¶ Agus arís tháinic briathar an TIGHEARNA go Haggai annsa cheathramhadh la fithchiod don mhí, ag rádh,
21
Labhair re Serubbabel, úachtarán Iúdah, ag rádh, Croithfidh mé na neamha agus an talamh;
22
Agus scriosfa mé cathaóir rioghachdadh, agus scriosfa mé neart rioghachdadh na ngeinteadh; agus teilgfidh mé seachad na carbuid, agus an drong do ní marcuigheachd ionta; agus tiucfuid na heich agus marcshluagh a núas, gach áonduine le cloidheamh a dhearbhrathar.
23
Annsa ló sin, a deir TIGHEARNA na slógh, glacfa mé thusa, á Sherubbabel, mo shearbhf hoghantuigh, mac Seáltiel, a deir an TIGHEARNA, agus do dhéana mé thú mar chomhartha: óir do thogh mé thú, a deir TIGHEARNA na slógh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
All chapters:
1
2