bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Joel 1
Joel 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Briathar an TIGHEARNA tháinic chum Ioel mhac Petúel.
2
Cluinidh so, a dhaóine foirfe, agus tugaidh éisdeacht uáibh, sibhsi uile dhúthchusaigh na tíre. An raibh so ann bhur laétheibhsi, nó a láethibh bhur naithreadh?
3
Innisidh dá bhur ccloinn é, agus innisiodh bhur cclannsa dá ccloinn féin, agus a cclannsan do ghinealach oile.
4
Dith an lócust an ní dfág an phíast palmer; agus an ní dfág an lócust a duáigh an phéist chancair; agus an ní dfág an phéist chancair a duáigh an caterpiler é.
5
Múscluidh, a lucht na meisce, agus guilidh; agus nualluidh, a uile lucht óla fiona, do bhrígh a nfíona nuáidh; óir do gearradh ó bhur mbéul é.
6
Oír tháinic cineadh a níos ar mfearan, láidir, agus gan áireamh, a bhfuilid a fíacla amhuil fíacla leomhuin, agus atáid fíacla carbaid leomhuin mhóir aige.
7
Do rinne sé mfíneamhuin na fásach, agus do bhean an chairt dom chrann fíge: do rinne sé lom go hiomlán é, agus do theilg úadh é; do rinneadh a géaga geal.
8
¶ Caóidh do nós maighdine ar na gabháil a saiceadach ar son chéile a hóige.
9
Do gearradh a nofráil bhídh agus a nofrail dhighe ó thigh an TIGHEARNA; caóinid na sagairt, seirbhísigh an TIGHEARNA.
10
Atá an machaire na fhásach, do ní an talamh doilghios; óir do hanchaitheadh an tarbhar: do thiormaigh an fíon núadh, atá a nola ag cnaói.
11
Biodh náire oruibhsi, a fheara tighe; núalluigh, a lucht dheasuighthe na fíneamhna, ar son na cruithneachda agus ar son na héorna; do bhrígh gur mheath fóghmhar an mhachaire.
12
Do thiormaigh a nfíneamhuin súas, agus searguidh an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a nabhall, eadhon do chríonadar, uile chrainn an mhachaire: do bhrígh gur chríon gáirdeachus ó mhacaibh na ndaóine.
13
Criosluighidh sibh féin, agus caóidhigh, a shagarta: núalluidhsi, a sheirbhísigh na haltóra: tigidh, luighidh ar feadh na hoidhche a saicéadach, sibhsi seirbhísigh mo Dhé: óir do congmhadh a nofráil bhídh agus a nofráil dighe ó thigh bhur Ndé.
14
¶ Náomhuidhse troscadh, goiridh coimhthionól sollamonta, cruinnighidh na sinnsir, agus aitreabhuigh talmhan uile asteach a dtigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus éighidh chum an TIGHEARNA,
15
Mo thruáighe ar son an laói! óir atá lá an TIGHEARNA do lathair, agus tiucfa sé amhuil scrios ó Nuilechumhachdach.
16
Nach ar gearradh amach an biádh as coinne bhur súl, gáirdeochas fós, agus lúathgháir ó thigh ar Ndé?
17
Do lobh an síol fáoi na fóduibh, do fágbhadh na gairneal folamh, do briseadh sios na scióbóil; óir do chríon an tarbhar,
18
Ciondus osnadhuid na beathuigh! atáid na healbhadha airnéise buáidheartha, do bhrígh nach bhfuil beatha ar bioth aca; fós, do fágbhadh na tréuda cáorach áonranach.
19
O a TIGHEARNA, is chugadsa éighfios misi: óir do dhóith an teine inbheara a nfásuigh, agus do loisc an lasair uile chrainn an mhachaire.
20
Comhaircid fós beathaigh an mhachaire chugad: óir do tiormuigheadh súas aibhne na nuisgeadh, agus do dhóith an teine inbheara a nfásaigh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3