bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Joel 3
Joel 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Oir, féuch, annsna láethibh sin, agus annsa namsin, an tan do bhéarus misi ar áis braighdionus Iúdah agus Ierusalem,
2
Cruinneocha mé fós a nuile chinéul, agus do bhéara mé síos íad go gleann Iehosaphat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo phobail agus ar son moighreachda Israel, noch do scáinreadar a measg na ccineadhach, agus ar roinneadar mo dhúthaigh.
3
Agus do theilgiodar crannchair air mo phobal; agus thugadar búachuill ar mheirdrigh, agus do reacadar óigbhean ar fhíon, chor go nibhedís.
4
Tuilleamh oile, cred bhur nimtheachdsa orumsa, a Thíor, agus a Shídon, agus uile chóstadha Phalestin? an ccúiteochthaói luáidheachd riom? agus má leasuighionn sibh riom, filltidh mé go lúath agus go tapuidh bhur ccúitiughadh air bhur ccionn féin;
5
Do bhrígh gur ghlacabhair mairgiod, agus m'ór, agus go rugabhair da bhur tteampalluibh mo neithe maithe taitneamhacha:
6
Do reacabhair fós clann Iúdah agus clann Ierusalem ris na Gréagachaibh, chor go náitreachadh sibh íad a bhfad ó na tteóruinn.
7
Féuch, tóigfe mé íad as a náit a reacabhair íad, agus fillfidh mé bhur ccúitiughadh air bhur cceann féin:
8
Agus reacfa mé bhur mic agus bhur ninghiona a lámhuibh chloinne Iúdah, agus reácfuid íad ris na Sabeánachaibh, ré daoinibh a nimchéin; óir a dubhairt an TIGHEARNA é.
9
Fúagruidhsi so a measc na ngeinteadh; gléasuidh cogadh, déunuidh súas daóine neartmhara, tigeadh na huile lucht cogaidh a bhfogus; tigedís a níos:
10
Déanuidh cloidhmhthe dá bhur níarnach seisrighe, agus gáethe dá bhur ccorránuibh glanta: abradh an lag, Atáim láidir.
11
Cruinnighidh sibh féin, agus tigidhse, a gheinte uile, agus cruinnighidh sibh féin a bhfóchair a chéile timchioll fa ccuáirt: tabhair air do dhaóinibh neartmhara teacht síos ann sin, a THIGHEARNA.
12
Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaphat: óir is ann sin shuighfios misi do dhéanamh breitheamhnuis na ngeinteadh uile timchioll fá ccuáirt.
13
Cuiridh ann an corrán, óir is abuidh an fóghmhar: tigidh, éirgidhe síos; óir atá an tomar lán, atáid na dabhcha ag cur tharsa; óir is mór a nurchóid.
14
Slúagh mór, slúagh mór a ngleann na ceannairge: óir atá lá an TIGHEARNA a ccomhfhogus a ngleann na ceannairge.
15
Dorchochthar an ghrían agus an ghealach, agus coinneochuid na réulta air ais a ndéallradh.
16
Núallfuidh an TIGHEARNA fós amach as Sion, agus cuirfidh a ghúth amach as Ierusalem; agus biáidh neamh agus talamh ar crioth: achd budh é an TIGHEARNA dóthchus a dhaóine, agus neárt chloinne Israel.
17
Marsin aitheontaói gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía ag áitreabh ann Sion, mo shlíabh náomtha: annsin biáidh Ierúsalem náomhtha, agus ní rachfuidh coimhightheach ar bioth thríthe ní is mó.
18
¶ Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, go filfid na sléibhthe fíon núadh a núas, agus líonfuid na cnoic le bainne, agus tuileochuid uile shrotha Iúdah le huisgeadhuibh, agus tiucfuidh tobar amach as tigh an TIGHEARNA, agus fliuchfuidh sé gleann Shittim.
19
Biáidh a Négipt na fásach, agus biáidh Edom na fásach áonranach, do bhrígh foiréigin a naghaidh chloinne Iúdah, do bhrígh gur dhóirteadar fuil neimhchiontach ann a ndúthaigh.
20
Acht áitreabhuidh Iúdah go bráth, agus Ierusalem ó ghinealach go ginealach.
21
Oir glanfa misi a bhfuilsion nach ar ghlan mé: óir áitreabhuidh an TIGHEARNA ann Sion.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3