bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
John 2
John 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
1
Agus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé; agus do bhí máthair Iósa ann:
2
Agus do goireadh Iósa fós agus a dheisciobail, chum an phósda,
3
Agus an tan do thréig fíon, a dubhairt máthair Iósa ris, Ní bhfuil fíon aca.
4
A dubhair Iósa ría, Créud é sin damhsa na dhuitse, a bhean? Ni tháinic múairse fós.
5
A dubhairt a mháthair ris an luchd friothóilmhe, Gidh bé ní déara sé ribh, déunaigh é.
6
Agus do bhádar sé soithighe cloiche ar na gcur ann sin, do réir ghnáthaighe ghlanta na Níudaigheadh, dhá fheircín nó a trí do ghlacadh gach áon aca.
7
A dubhairt Iósa riú, Liónaidh na soithighe so duisge. Agus do líonadar iád go soithe mbrúachaibh.
8
Agus a dubhairt sé riu, Tairrngidh a nois, agus beiridh chum úachdaraín an fhéusda é. Agus rugadar.
9
Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige,
10
Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.
11
As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.
12
Na dhíaigh sin dó chúaidh sé síos go Capernáum, é féin, agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha, agus a dheisciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:
13
Oír do bhí cáisg na Niúdaigheadh a bhfogus, Agus do chúaidh Iósa súas go Hierusalém.
14
Agus fuáir sé ann sa teampall luchd reactha damh agus cáorách agus colum, agus luchd malarta an airgid na suidhe:
15
Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár.
16
Agus a dubhairt sé ré luchd reactha an gcolam, Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh Mátharsa na thigh ceannuigheachda.
17
Agus do chuimhnigheadar a dheisciobailsean go raibh sgriobhtha, Duáidh éud do thighesi súas mé.
18
Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neíthesi?
19
Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Leagaidh síos an teampoll so, agus tóigéubhuidh misi é a dtrí láethibh.
20
Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iuduidhe, Sé bliadhna agus dá fhichead do bhí an teampall so dhá dhéunamh, agus an dtoigéubha tusa a dtrí láethibh é?
21
Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.
22
Ar a nadhbharsin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do chuimhnigheadar a dheisciobail go ndubhairt sé so ríu; agus do chreideadar don sgriobtuir, agus do bhréithir a dubhairt Iósa.
23
Agus ar mbeíth a Niérusalém dhó fá cháisg, lá an fhéusda, do chreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh do rinne sé.
24
Achd ní tháobhadh Iósa é féin riú, tré gur aithin sé iád uile,
25
Agus tré nach raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiádhnuisi air dhuine: oír do bhí a fhios aige féin créd do bhí ann sa duine.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21