bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
John 21
John 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
1
Na diáigh so do thais bé Iósa é féin a rís dá dheisciobluibh ag fairrge Thibérias. Agus as mar so do thaisbéin sé é féin.
2
Do bhí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus Natanáel ó Chána ná Galilé, agus clan Shebedéi, agus días eile dhá dheisciobluibh a bhfochair a chéile.
3
A dubhairt Síomón Peadar ríu, Atáim ag dul diasgaireachd, A dubhradarsan rís, Rachmáoidne leach mar an gcéudna. Do imthigheadar rompá, agus do chúadar ar a mball a luing; agus níor ghabhadar ní ar bith a noidhche sin.
4
Agus a núair tháinig an mhaidin, do sheas Iósa ar an dtráigh: gidheadh níor aithnigheadar na deisciobail gurab é Iósa do bhi ann.
5
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, A chlann, an bhfuil bladh ar bith aguibh? Do fhreagradarsan é, Ní bhfuil.
6
Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg.
7
Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge.
8
Agus tangadar an chuid eile do na deisciobluibh a luing bhig, (óir níor bhfada óthir do bhadar, achd a dtimcheall dhá chéud bánnlamh,) ag tarruing an lín eisg.
9
Agus mar thangadar a dtír, do chunncadar gríosach, agus íasg ar na chuir uirrthe, agus arán.
10
A dubhairt Iósa riu, Tabhraidh libh cuid don íasg do gabhabhair a nois.
11
Do chuáidh Síomón Peadar súas, agus do tharruing sé an lion a dtír lán díasguibh mora, céud trí héisg dhéug agus dá fhichiot: agus gé do bhí a noirid sin ann, níor briseadh an lion.
12
A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é.
13
Uime sin tháinig Iósa, agus do ghlac sé arán, agus tug sé dhóibhsean é, agus íasg mar an gcéudna.
14
A sé so a nois an treas uáir do thaisbén Iósa é féin dá dheisciobluibh, tart éis a éiséirghe ó mharbhuibh.
15
Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin.
16
A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.
17
A dubhairt sé ris an treas uáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misí? Do ghabh doilgheas Peadar do bhrígh go ndubhairt sé ris, A Thighearna, atáfios na nuile neither agadsa; atá a fhios agad gur ab ionmhuin leam thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.
18
Go deimhin, deimhin, a deirim riot, An tan do bhí tú ní as óige, do churthá féin do chrios thort, agus do chiúbhaltá mar a dtogarthá féin: achd an tan bhías tú arrsuidh, sínfe tú do lámha amach, agus cuirfe duine eile do chrios thort, agus tréoróchaidh sé thú, a náit nach áill leachd.
19
Agus a dubhairt sé so, Dhá fhoillsiúghadh créd í an ghné bháis réa dtiobhradh se glóir do Dhía. Agus ar na rádh so dhó, a dubhairt sé ris, Lean misi.
20
Agus ar bhfilleadh do Pheadar air ais, do chunnairc sé an deisciobal do bionmhuin lé Híosa dhá leanmhuin; an té do luigh a nuchd Iósa ar a shuipér, agus a dubhairt, A Thighearna, cía bhraithfeas tu?
21
An tan do chunnairc Peadar eision a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cred dhéanas an fear so?
22
A dubhairt Iósa ris, Má símo thoílse eision dfanmhuin go ttiuca mé, créd é sin duitse?
23
Uime sin do chuáidh an rádh so amach a measg na ndearbhráithreach, nach bhfuigheadh an deisciobal sin bás: gidheadh ní dubhairt Iósa ris, Ní bhfuighe sé bás; achd, Má sí mo thoillse eision dfanmhuin go ttiuca mé, créd é sin, duitse?
24
A sé an deisciobal so do ní fínné do na neithibhse, agus do sgriobh na neithese: agus atáa fhios aguinn gur fíor a fhíadhnuisi.
25
Agus atáid móran do neithibh eile noch do rinne Iósa, agus dá mbeithdís sgríobhtha uile, ní mheasuim go ngeubhadh an domhan féin a sgríobhtháoi do leabhruibh. Amén.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21