bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jonah 1
Jonah 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Anois tháinic bríathar an TIGHEARNA chum Iónah mhic Amittai, ag rádh,
2
Eirigh, imthigh go Ninebheh, an chathair mhór sin, agus déana comhairc na haghaidh: óir tháinic a ccionta súas dom lathairsi.
3
Acht deirigh Iónah súas do theitheamh go Tarsis ó lathair an TIGHEARNA, agus do chuáidh sios go Ioppa; agus fuáir lóng ag dul go Tarsis: marsin do dhíol sé ar son a bheirthe thairis, agus do chuáidh innte síos, do dhul leó go Tarsis ó lathair an TIGHEARNA.
4
¶ Acht do chuir an TIGHEARNA gáoth mhór amach air an bhfáirge, agus do bhí anfa ro mhór air an bhfairge, iondus gur shaóil an long bheith briste.
5
Aunsin do bhádar na máirnealuigh eaglach, agus déigh gach áon air a dhía, agus do theilgeadar a nearradh do bhí san loing annsa bhfairge, dá néadtromadh féin. Acht do chuáidh Iónah síos ar tháobhuibh na luinge; agus do luidh, agus do bhí sé na chodladh go trom.
6
Annsin thainic maighistir na luinge chuige, agus a dubhairt sé ris, Cred is cíall duitsi, a chodaltaigh? éirigh, goir air do Dhía, a ndóigh go smuáinteochadh Día oruinne, nach báidhtí sinn.
7
Agus a dubhairt gach áon aca re na chompánach, Déanam, agus teilgiom crainn, chor go naitheonam cia ar son a ttig an tolcso oruinn. Annsin do theilgiodar na cráinn, agus do thuit an chrannchar air Ionah.
8
Annsin a dubhradarsan ris, Innis dúinn, íarrinaod dathchuinge ort, cía ar son a ttig an tolcso oruinn; Cred is ceird duit? agus cáit as a ttig tú? cía is tír dhuit? agus cía na daóine dár díobh thú?
9
Agus a dubhairt seision ríu, Eabhradhach mé; agus atá eagla an TIGHEARNA, Día neimhe orum, noch do rinne a nfairge agus an talamh tirim.
10
Annsin do bhádar na daóine eaglach go hanmhór, agus a dubhradar ris, Cred um a ndéarna tusa so? (óir do thuigiodar na daoine gur theith sé roimhe ghnúis an TIGHEARNA, do bhrígh gur innis sé féin dóibh é.)
11
¶ Annsin a dubhradar ris, Cred do dhéanam riot, chór go mbía a nfairge ciúin? (óir doibrigh a nfairge, agus do bhí sí anfadhach.)
12
Agus a dubhairt seision ríu, Tógbhuidh súas mé, agus teilgidh amach san bhfairge mé; mairsin biáidh a nfairge ciúin aguibh: óir atá a fhios agum gurob air mo shon féin atá an tanfa mórso oruibh.
13
Thairis sin diomramhadar na fir go láidir dá thabhairt a ttír; acht níor fhéadádar; óir doibrigh a nfairge, agus do bhí sí anfadhach na naghaidh.
14
Uimesin déigheadar air an TTIGHEARNA, agus a dubhradar, Iarrmaoid dathchuinge ort, A THIGHEARNA, íarrmaoid ort, ná scriostar sinn ar son bheatha an té so, agus ná léig fuil neimhchiontach oruinne: óir do rinne tusa, a THIGHEARNA, amhuil fa toil leat féin.
15
Marsin do thógbhadar Iónah súas, agus do theilgeadar amach san bhfairge é: agus do scuir a nfairge do chonfadh.
16
Annsin do bhí eagla an TIGHEARNA go hiomarcach air na daóinibh, agus dofráladar íodhbuirt don TIGHEARNA, agus thugadar móide.
17
Anois dórduigh an TIGHEARNA íasg mór Iónah do shlugadh súas. Agus do bhí Iónah a mbhroinn a néisg trí lá, agus trí hoidhche.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4