bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jonah 2
Jonah 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
1
Annsin do ghuidh Iónah an TIGHEARNA a Dhía as broinn a néisg,
2
Agus a dubhairt, Déigh mé do bhrígh maindeise chum an TIGHEARNA, agus do chúaluidh sé mé; as broinn na hdáighe déigh mé, agus do chúala tú mo ghuth.
3
Oír do theilg tú annsa naigéun mé, a lár na bhfairgeadh; agus tangadar na tuilte am thimchioll: do chúadar do threathain agus do thonna thorum.
4
Annsin a dubhaírt mé, Atáim teilgthe as do radharcsa; gidheadh féuchfaidh mé a rís leath red theampall náomhtha.
5
Thangadar na huisceadha um thimchioll, eadhon go nuige an tanam: do dhruid an taigéan umam timchioll fa ccuáirt, do chrap a nfeamnach timchioll mo chinn.
6
Do chuáidh mé síos go híochtar na sléibhteadh; do bhí an talamh go na bharradhuibh am thimchioll go bráth: gidheadh thug tusa manam súas ó thruailleadh, a THIGHEARNA mo Dhía.
7
An tan do anbhfainnigh manam ionnam a stigh do chuimhnigh mé air an TTIGHEARNA: agus tháinic murnuigh chugad, a steach dot theampall náomhtha.
8
An drong choimhéadas díomhaóinis bhréagacha, tréigid síad a ttrócaire féin.
9
Acht íodhboruidh misi dhuitsi maille re guth bhuidheachuis; díolfa mé an ní noch do mhóidigh mé. Is ón TTIGHEARNA atá slánughadh.
10
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ris a níasg, agus do sceith sé Iónah amach air an ttalamh ttirim.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4