bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Mark 16
Mark 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Agus ar ndul don tsabbóid thárrsa, do cheannuigh Muire Magdalén agus Muire mathair Shéumuis, agus Salóme, spíosradh deaghbhaluidh, chum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é.
2
Agus tangadar go romhoch ar maidin an chéd lá don tseachdmhuin, chum an túama lé héirghe na gréine.
3
Agus a dubhradar eatorra féin, Cía iompeochas dhúinn an leac ó dhorus an túama?
4
Agus ar bhféachain dóibh, do chonncadar an chloch ar na hiomlat: óir do bhí si romhór.
5
Agus ar ndul sdeach ann sa túama dhóibh, do chonncadar ógánach na shuidhe ar a láimh dheis, iomá raibh éudach fada glégheall; agus do ghabh úathbhás íad.
6
Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh: A táthaói ag iarruidh Iósa Nasardha, do céasadh: do éirigh sé; ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar cuireadar é.
7
Achd imthighidh, innisidh dá dheisciobluibh agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhuibh don Ghalilé: do chifidhe ann sin é, mar a dubhairt sé ribh.
8
Agus ar nimtheachd dóibhsean a mach go deithniosach, do theitheadar ón túama; óir do bhí críth agus úathbhás orrtha: agus níor labhradar ní ar bith ré héinneach; óir do bhí eagla orrtha.
9
Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as ar theilg sé seachd ndeamhain.
10
Agus ar nimtheachd disi do fhoillsigh sí sin don druing do bhi na fhochair sean, do bhí ag gul agus ag caói.
11
Agus an tan do chúaladarsan, eisean do bheith béo, agus go bhfacuidh sis é, nir chreideadar.
12
Achd tar éis so, do thaisbén seisean é féin do dhías aca, a gcruth eile mar shíubháileadar, agus íad ag dul fan dtudháith.
13
Agus do imthigh siadsan, agus do fhoillsigheadar sin do chuid eile: gidheadh níor chreideadar íadsan fós.
14
Fa dheiridh ar mbeith ar áonbhall do naóinfhear dhég do thaisbéan sé é féin dóibh, agus do chuir sé na aghaidh a míchreideamh agus a gcrúas croidhe, tré nár chreídeadar don druing do chonnairc é ar neiséirghe.
15
Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an soisgéul do sheanmóir do gach uile chreatúir.
16
Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é.
17
Agus leanfuid na comharthuighesi an dream de chreidfeas; Sgriosfuid síad deamhuin tré mainmsi; laibhéoruid lé teangthuibh núadha;
18
Toigéubhaid naithreacha neimhe; agus má ibhid ni marbhthach ar bith, ni ghoirtéocha sé íad; cuirfid lámha ar na daónibh éagcruaidhe, agus béid síad slán.
19
Agus tar éis an Tighearna do labhairt ríu, do gabhadh súas ar neamh a rís é, agus do shuidh sé ar deis láimh Dé.
20
Agus ar ndul a mach dhóibhsean do rinneadar seanmóir ann gach uile áit, ar mbeith don Tighearna ag comhoibriughadh ríu, agus ag tabhairt brígh dá mbríathruibh leis na comhathaidhibh do lean íad. Amén.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16