bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Mark 7
Mark 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
1
Agus do cruinnigheadar na Phairisínigh chuige, agus cuid do na sgríobuidhibh tháinic ó Iarusaléim.
2
Agus ar bhfaicsin dóibh go ndithadar cuid dá dheisciobluibhsion arán lé lamhuibh coitchionna, (eadhón, gan ionnladh,) do rinneadar gearán.
3
(Oír ni ithid na Phairisínigh, agus na Iúduighe uile bíadh, muna nionnlaid síad a lámha go minic, ag coimhéd órduighthe na sinnsior.
4
Agus ar dteachd ón mhargadh, muna nionnlaid, ni ithid siád. Agus a táid móran do neithibh eile, do ghabhadar orra do choimhéud, már a tá níghe na gcopan, agus na bpotadh, agus na soightheach práis, agus na leabthath.
5
Do fhíafruigheadar na Phairisinigh agus na sgríobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobluilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh?
6
Agus do fhreagair seision agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach is maith do rinne Isaías fáidheadóireachd bhar dtimcheall a luchd an fhúarchrabhuidh, mar a tá sgríobhtha, Onóruighid an pobal so mé le na bpusuibh, achd a tá a gcroidhe a bhfad úaim.
7
Achd is díomháoineach do níd seirbhís damhsa, ag teagasg aitheantadh na ndaoine mar theagasg.
8
Oír air dtréigean áithne Dé, gabhuidh sibh órdughadh na ndáoine mar a tá nighe na bpotadh agus na gcupan: agus do níthí mórán dó neithibh eile is cosmhail ríu so.
9
Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.
10
Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é:
11
Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair ní ré na mháthair, Corbán (éadhón, an tiodhlacadh,) do bheirimsi úaim; rachaidh sé a dtarbha dhuitsi.
12
Agus ní léigthí dhó as sin a mach ní sa mhó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin;
13
Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.
14
Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh:
15
Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine, théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine.
16
Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.
17
Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a sheisciobuil ceisd air a dtimcheall na cosamhlachda.
18
Agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne nach dtuigthí, gidh bé ní don táobh a muigh théid a sdeach sa duine, nach éidir leis eisean do shalchadh?
19
Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg, agus téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh?
20
Achd a dubhairt sé, An ní théid amach as an duine, as é sin shalchus an duine.
21
Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha,
22
Goid, sainnt, aingídheachd, mealltóireachd, míonáire, drochshúil, blaisphéime, úabhar, amadanachd:
23
Tigid na huilesi uile ón táobh a sdigh, agus salchuid an duine.
24
Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go críochaibh Thírus agus Shídon, agus ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfagháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach.
25
Oír an tan do chúalaidh bean da tháoibh, agá raibh spiorad neamhghlan an a hinghin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá chosaibh:
26
(Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.
27
Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do sháithiughadh: oír ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgean chum na gcoiléun.
28
Achd do fhreagair sisi, agus a dubhairt sí ris, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh ithid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileach na leanabh.
29
Agus a dubhairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imthigh romhad; do chúaidh an deamhan a mach as hinghin.
30
Agus do chúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan a nimtheachd, agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.
31
Agus do fhill sé a ris ó theórannuibh Thíruis agus Shídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár chríochaibh Dhecapolis.
32
Agus tugadar duine bodhar balbh chuige; agus do íarradar air a lámh do chur air.
33
Agus ar na bhreith leis fó leith ón phobal, do chuir sé a mhéir ann a chlúasaibh, agus ag seileagh dhó, do bhean sé ré na theanguidh;
34
Agus ar bhféachain súas ar neamh, do léig sé osnadh, agus a dubhairt sé ris, Ephphatha, éadhon, Bí osgailte.
35
Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa, agus do sgáoileadh cuibhreach a theangadh, agus do labhair sé go ceart.
36
Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin déainneach: achd ni bhfuil dá mhéud dá dtoirmíosgadh seisean, nach móide go mor dfoillsighidsion é;
37
Agus do ghabh iongantus romhór íad, agus a dubhradar, Do rinne sé gach uile ní go maith: do bheir sé fá deara go gcluinid na bodhair, agus go labhruid na bailbh.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16