bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Psalms 119
Psalms 119
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 118
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 120 →
1
Is beannuigh an drong atá iomlan a slighe, noch shiubhlas a ndligheadh an TIGHEARNA.
2
Beannaigh an lucht choimhéadas a fhiadhnuiseadha, íarras é lé croidhe iomlán.
3
Mar an gcéadna ní dhéanaid éan olc: siubhluid iona shlighthibh:
4
Daithin tú haitheanta do chongmháil go grionghalach.
5
O nach bhfuilid mo shlighthe ar na ndíriughad chum do reachta do choimhéad!
6
Annsin ní bhía náire orum, a nuáir fhéuchfad dot aitheantaibhse uile.
7
Molfad thusa lé dioghruis croidhe, an tan do dhéanad breitheamhnus thfíréantachta dfoghluim.
8
Coimhéadfad do reachta: ó na tréig mé go hiomlán.
9
Cred ré nglanfa duine óg a shlighe? ré bheith aireach do réir do bhréithresi.
10
Re mo chroidhe iomlán do lorguir mé thú: ná cuir air seachrán ód aitheantaibh mé.
11
Ann mo chroidhe dfoluigh mé do bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad aghaidh.
12
Is beannuigh thú, a THIGHEARNA: teagaisg dhamh do reachta.
13
Re mo phuisínibh do chomháir mé breitheamhnus do bhéil uile.
14
Do gháirdighios a slighe thfíadhnuiseadh, mar budh ann a nuile shaidhbhrios.
15
Do dhéanad smúaineadh ann haitheantaibh, agus féuchfad go géar air do shlighthibh.
16
Glacfad áoibhneas ann do reachdaibh: ní dhearmodfad do bhríathra.
17
Cúitigh lé do sheirbhíseach, go mairigh mé, agus coimhéadfad do bhríathra.
18
Fosguil mo shúile, agus do chífid neithe iongantacha as do dhlighthibh.
19
Is coigcríoch mé air an ttalamh: ná foluigh haitheanta orum.
20
Atá manam ag briseadh ré mían chum do bhreitheamhnuis gach uile uáir.
21
Do imdhearg tú an tuáibhreach atáid malluigh, noch do ní seachrán ód aitheantaibhsi.
22
Athruidh uáimsi scannail agus tarcuisne; óir do choimhéad mé thfíadhnuiseadh.
23
Do shuigheadar fós prionnsuighe do labhradar am aghaidh: do dhéana do sheirbhíseach stuidéur ad dhlighthibh.
24
Fós is íad thfíadhnuiseadh máoibhneas, daóine mo chomhairle.
25
Leanaidh manam don luáithreadh: béoghuidh mé do réir do bhréithre.
26
Do comháirimh mé a rís mo shlighthe, agus do chúala tú mé: teagaisg do reachta dhamh.
27
Tabhair orum slighthe haitheanta do thuigsin: agus do dhéanad smuáineadh ad oibreacha iongantacha.
28
Atá manam ag sileadh le doilghios: neartuigh mé do réir do bhréithre.
29
Athruigh uáim slighe na neimhfhírinne: agus áontuigh go grásamhuil dhamh do dhligheadh.
30
Do thogh mé slighe na fírinne: do chuir mé do bhreitheamhnuisi ós mo choinne.
31
Do ghreamuigh mé dot fhiaghnuisibh: a THIGHEARNA, ná náirigh mé.
32
Rithfiod a slighthibh haitheanta, mar fhairseongair mo chroidhe.
33
Teagaisg dhamh, a THIGHEARNA, slighe do reachta; coimhéadfad í go nuige a nfhoirchionn,
34
Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
35
Tabhair oram siubhal a ccasán haitheantadh; óir is annsin atá mo dhúil.
36
Cláon mo chroidhe chum thfiaghnuiseadh, agus ní chum sainte.
37
Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin; béoghuidh mé ann do shlighe.
38
Daingnidh do bhríathar dot sheirbhíseach, air a bhfuil heagla.
39
Iompoigh uáim mo scannail noch is eaguil liom: óir is maith do bhreitheamhnuis.
40
Féuch, do bhí fonn agam ann haitheantaibh: béoghaidh mé ann thfiréantacht.
41
Tigdís fós do thrócaireadha chugamsa, a THIGHEARNA, do shlánughadh, do réir do bhréithre.
42
Agus fregéora mé focal dfhior mo choirighthe: óir atá mo dhóigh ann do bhréithir.
43
Agus ná beir as mo bhéul focal na fírinne go hiomlán; óir do fheith mé air do bhreitheamhnusaibhsi.
44
Agus coimhéadfad do dhligheadh a ccomhnuighe go brath agus choidhche.
45
Agus siubholad go fairsing: óir do lorgair mé haitheanta.
46
Agus laibheorad air thfíadhnuisighibhsi a lathair ríogh fós, agus ní bhíaidh náire orum.
47
Agus biáidh dúil agam féin ann haitheantaibh, noch do ghrádhuigh mé.
48
Agus tóigfid súas mo lámha fós chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé; agus do dhéanad smuáineadh ann do reachtaibh.
49
Cuimhnigh an bhriathar dot sheirbhíseach, noch ar a ttugais orum mo dhóthchús do chur.
50
Isé so mfurtacht ann manacair: óir do bhéoghaidh do bhríathar mé.
51
Do tharcuisnigheadar na huáibhrigh mé go hainmheasardha: ód dhligheadh níor chláon mé.
52
Do chuimhnigh mé do bhreitheamhnuis ón tseanaimsir, a THIGHEARNA; agus do mheisnigh mé mé féin.
53
Do ghabh an túathbhas greim dhíom ar son na gciontach noch do thréig do reacht.
54
Do bhádar do reachta na gcainticibh agam a ttigh moilithrighe.
55
Do chuimhnighios hainm, san noidhche, a THIGHEARNA, agus coimhéadfad do dhligheadh.
56
Fuáir mé so, do bhrígh gur choimhlíon mé do dhligheadh.
57
Is tusa mo chomhroinn, a THIGHEARNA: do gheall mé do bhríathar do choimhlíonadh.
58
Do ghuidh mé haghaidh rém uile chroidhe: déan trócaire orum do réir do bhréithre.
59
Do mheas mé mo shlighthe, agus do iompóigh mé mo chosa chum thfíaghnuiseadha.
60
Do rinne mé deithfir, agus ní dhéarnas faillighe haithéanta do choimhéad.
61
Do shladadar slúagh na gciontach mé: níor dhearmaid mé do dhligheadh.
62
Annsa meadhon oidhche éireochad dot mholadh do bhrígh breitheamhnus thfíréantachta.
63
Atáim am chompánach ag gach aon ar a bhfuil heagla, agus do lucht coimhéada haitheanta.
64
A THIGHEARNA, atá an talamh líonta dot thrócaire: teagaisg do reachda dhamh.
65
Do rinne tú go maith led shearbhfhoghantuigh, a THIGHEARNA, do réir do bhréithre.
66
Teagaisg dhamh tuigse mhaith agus éolus: óir do chreid mé haitheanta.
67
Suil do bhuáidhreadh mé, do chuáidh mé ar seachrán: a nois coimhéaduim do bhríathra.
68
Is maith thú, agus do ní tú maith; teagaisg do reachda dhamh.
69
Do chumadar na huáibhrigh bréag am aghaidh: ré croidhe iomlán coimhéadfa mé haitheanta.
70
Atá a gcroidhe ramhar mar mheathus; atá mo dhúil ann do dhligheadh.
71
Is maith dhamhsa gur buáidhreadh mé; ionnus go ndéan do reachtasa fhoghluim.
72
Is féarr dhamh dligheadh do bhéil ná na mílte dór agus dairgiod.
73
Do rinneadar do lámha mé agus do chumadar mé: tabhair tuigsi dhamh, agus do dhéan haitheanta dfoghluim.
74
An dream ar a bhfuil heagla béid lúathgháireach a nuáir do chífid mé; óir do bhí mo dhóigh ann thfocal.
75
As aithne dhamh, a THIGHEARNA, go bhfuilid do bhreitheamhnuis ceart, agus gur a bhfírinne do ghortuigh tú mé.
76
Bíodh, guidhim thú, do thrócaire dom mheisniughadh, do réir thfocail dot sheirbhíseach.
77
Tigeadh do thrócaire chineulta chugam, ionnus go mairfinn: óir isé do dhligheadh mo dhúil.
78
Cláoidhtear na huáibhrigh; óir do rinneadar olc orum gan adhbhar: do dhéan smuáineadh ann haitheantaibhsi.
79
Iompoighthear chugamsa an drong air a bhfuil heaglasa, agus dar baithne thfiaghnuiseadha.
80
Biodh mo chroidhe diongmhálta ann do reachtaibh; ionnus nach cclaóidhfíghear mé.
81
Atá manam ag meirtniughadh chum do shlánuighthe: do bhí mo dhóthchus ann do bhréithir.
82
Faillighid mo shúile tre do bhréithir, ag rádh, Cá húair dó bhéarair furtachd dhamh?
83
Bíodh gur ba cosmhuil mé re buidéul annsa deatuigh; níor dhearmaid mé do reachdasa.
84
Cá líon láethe do sheirbhísigh? cá huáir bhéarair breitheamhnus a naghaidh na droinge ainleanas mé?
85
Do thochladar na huáibhrigh puill am choinne, noch nach raibh do réir do dhlighesi.
86
Atáid haitheantasa uile fírinneach: ainleanad mé go héagcóir; cuidighsi liom.
87
Is beag nar chnaóidheadar mé air an ttalamh; níor thréig mé haitheantasa.
88
Béoghuidh mé do réir do thrócaire; agus coimhéadfa mé breitheamhnuis do bhéil.
89
Go síorruidhe, a THIGHEARNA, atá do bhríathar ar na dhaingniughadh annsna neamhuibh.
90
Go ginealach agus go ginealach atá thfírinne: do dhaingnigh tú an talamh, agus seasaidh sé.
91
Do réir hórduighthe seasuid a niugh: óir is seirbhísigh dhuit íad uile.
92
Muna bheith gur bé do dhligheadh mo ro thaitneamh, annsin do mheithfinn ann mo bhuáidhreadh.
93
Ní dhearmodfad go bráth haitheantasa: óir is léosin do bhéoghuidh tú mé.
94
Is leatsa mé, tárthuigh mé; óir díarr mé haitheanta.
95
Do bhí an ciontach ag brath orum chum mo mhillte: measfa mé thfíadhnuiseadha.
96
Do nuile iomláine do chonnairc mé críochnughadh: acht atá haithnesi ro fhairsing.
97
Cionnus ghrádhuighim do dhligheadh! is é mo smuáineadh é air feadh an laói.
98
Do dhéana tú misi críonna ós cionn mo námhad red aitheantaibh: óir atáid agam a ccomhnuighe.
99
Tuigim ós cionn mo lucht teagaisg uile: oir is íad thfíaghnuiseadh mo smuáineadh.
100
Tuigim nios mó ná na sinnsir, do bhrígh gur choimhéad mé haitheantasa.
101
Do chonnuimh mé mo chos ó nuile dhroichshlighe, iondus go ccoimhéadfuinn thfocal.
102
Od bhreitheamhnusaibh níor dhealuigh mé: óir do theagaisg tú mé.
103
Cred é millse do ráidhte dom charbad! ní is millsi ná mil dom bhéul!
104
Od aitheantaibh fuáir mé tuigse: uimesin fúathuighim uile shlighe na neimhfhírinne.
105
As lóchrann dom chosaibh do bhríathar, agus solus dom chasánaibh.
106
Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall.
107
Do bhí mé ar mo bhuáidhreadh go hiomarcach: béoghaidh mé, a THIGHEARNA, do réir thfocail.
108
Gabh uáim, íodhbartha sochroidheacha mo bhéil, guidhim thú, a THIGHEARNA, agus teagaisg dhamh do bhreitheamhnuis.
109
Atá manam ann mo láimh do ghnáth: acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa.
110
Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne: gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi.
111
Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad.
112
Do chláon mé mo chroidhe chum do reachta do dhéanamh go bráth.
113
Fúathuighim smuáintighthe díomhaoine: acht grádhuighim do dhligheadhsa.
114
Is tusa mionad foluighthe agus mo scíath: do bhí mo dhóigh ann thfocal.
115
Imthighidh uáim, sibhsi a lucht déanta uilc: agus coimhéadfad aitheanta mo Dhé.
116
Connaimh súas mé do réir do bhréithre, agus mairfe me: agus ná náirigh mé fám dhóthchus.
117
Connuimh súas mé, agus biáidh mé a ndídean: agus biáidh mo dhúil ann do reachdaibh do ghnáth.
118
Do shaltair tú síos an mhéid do chuáidh a mugha ód reachdaibh: óir is neimhfhírinne an gangaid.
119
Teilgir uáit mar shalchar a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh: ar a nadhbharsin grádhuighim thfíadhnuiseadha.
120
Criothnuidh mfeoil ré heaglasa; agus atá úamhan do bhreitheamhnuis orum.
121
Do rinne mé ceart agus breitheamhnus: ná toirbhir mé do luchd mo sháruighthe.
122
Bí a nurrughus air do sheirbhíseach chum maitheasa: ná léig do nuáibhreach mo shárughadh.
123
Meathaid mo shúile ag feithiomh air do shlánughadh, agus air fhocal thfíréantachta.
124
Déan red sheirbhíseach do réir do thrócaire, agus múin dhamh do reachta.
125
Is misi do sheirbhíseach; tabhair tuigsi dhamh, agus biaidh éolus air thfíadhnuisibh agam.
126
Is mithídh, a dhéanamh, a THIGHEARNA: do chuireadar do dhligheadh ar neimhní.
127
Uime sin is ionmhuin liom haitheanta ós cionn óir; agus ós cionn óir fhíorghlain.
128
Uimesin measuim haitheantasa uile ceart; fúathuighim uile shlighe na neimhfírinne.
129
Atáid thfíaghnuiseadh ro iongantach: uime sin coimhéaduigh manam íad.
130
Do bheir dul a steach do bhríathar solus; ag tabhairt tuigse don tsimplighe.
131
Dfoscail mé mo bhéul, agus do chriothnuigh mé: óir do bhí mían haitheanta agam.
132
Feuch orum, agus déan trócaire orum, do réir do chleachtaidh don droing ler bionmhuin hainm.
133
Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.
134
Sáor mé ó shárughadh na ndaóine: agus coimhéadfa mé haitheanta.
135
Tabhair air haghaidh déalrughadh air do sheirbhiseach; agus teagaisg dhamh do reachta.
136
Silid srotha uisgeadh as mo shúilibh, do bhrígh nach ccoimhéadaid do dhligheadh.
137
Is fíréunta thú, a THIGHEARNA, agus atáid do bhreitheamhnuis díreach.
138
Daithin tú thfíaghnuiseadh atáid fíréanta agus ro fhírinneach.
139
Do ghearr mo theas-ghrádh amach mé; do bhrígh gur dhéarmadar mo naimhde do bhríathra.
140
Do dhearbha do bhríatharsa go mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í.
141
Is beag misi agus is tarcuisneach: níor dhearmaid mé haitheantasa.
142
Is fíréantacht síorruidhe thfíréantachdsa, agus is fírinne do dhligheadh.
143
Tárlaigh anacair agus goimh chugam: is íad haitheanta máoibhneas.
144
Atá fíréantacht thfíaghnuiseadha go síorruidhe: tabhair tuigsi dhamh, agus mairfe mé.
145
Eighim rem uile chroidhe; cluin mé, a THIGHEARNA: coimhéadfa mé do reachta.
146
Eighim chugadsa; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh.
147
Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios: do bhí mo dhúil red fhocalsa.
148
Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.
149
Cluin mo ghuth do réir do thrócaire: a THIGHEARNA, do réir do bhreitheamhnuis béoghaidh mé.
150
Atáid ag teacht a bhfoghus noch leanas durchóid: atáid a bhfad ód dhligheadh.
151
Atá tusa a bhfogus, a THIGHEARNA; agus is fírinne haitheanta uile.
152
A ttáobh thfiadhnuiseadhsa, bá fios damh re fada gur shuighidh tú íad go síorruidhe.
153
Dearc ar manacair, agus sáor mé: óir níor dhearmuid mé do dhligheadh.
154
Tagair mo chúis, agus sáor mé: do réir dó bhréithre béoghaidh mé.
155
As fada slánughadh ón gcoirighthe: óir ní íarruid do reachta.
156
Is líonmhar do thrócaire chineulta, a THIGHEARNA: béoghaidh mé do réir do bhreitheamhnuis.
157
Is líonmhar lucht mo bhuáidheartha agus measccáirde; níor chláon mé ó thfiaghnuisibhsi.
158
Do chonnairc mé lucht an tsáruighthe, agus do bhí mé doilghiosach; do bhrígh nár choimhéadadar thfocal.
159
Féuch gur bionmhuin liom haitheanta: a THIGHEARNA, do réir do thrócaire béoghaidh mé.
160
As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.
161
Do ainleanadar prionnsuidhe mé gan adhbhar: achd do bhí eagla air mo chroidhe red bhréithirsi.
162
Gáirdighim red fhocal, mar an té do gheibh móiréadail.
163
Fúathuighim agus bí gráin agam air bhréugaibh: is ionmhuin liom do dhlighéadh.
164
Moluim thú seacht nuáire san ló a ttaobh bhreitheamhnus thfíréantachda.
165
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
166
Do bhí mo dhóigh ann do shlánughadh, a THIGHEARNA, agus do chomhaill mé haitheanta.
167
Do choimhéad manam thfíadhnuiseadh; agus do ghrádhuigh sé íad go ro mhór.
168
Do choimhéad mé haitheanta agus thfíadhnuiseadha: óir atáid mo shlighthe uile ad lathairsi.
169
Tigeadh meigheadh a ngar ad lathair, a THIGHEARNA: tabhair tuigsi dhamh do réir do bhréithre.
170
Tigeadh mo ghearán ós do choinne: do réir do bhréithre sáor mé.
171
Laibheoruidh mo bhéul moladh, mar mhúinfios tusa do reachta dhamh.
172
Freagoruidh mo theanga do bhríathar: óir is fíréantacht haitheanta uile.
173
Cuidigheadh do lámh riom; óir rug mé haitheanta do roghain.
174
Do bhí mían agam ad shlánughadh, a THIGHEARNA; agus isé do dhligheadh maóibhneas.
175
Maireadh manam, agus molfa sé thusa; agus cuidigheadh do bhreitheamhnus liom.
176
Do bhí mé ar seachrán mar chaóirigh ar ndul a múgha; lorgair do sheirbhíseach; óir níor dhearmaid mé haitheantasa.
← Chapter 118
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 120 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88
89
90
91
92
93
94
95
96
97
98
99
100
101
102
103
104
105
106
107
108
109
110
111
112
113
114
115
116
117
118
119
120
121
122
123
124
125
126
127
128
129
130
131
132
133
134
135
136
137
138
139
140
141
142
143
144
145
146
147
148
149
150