bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ruth 1
Ruth 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Anois tárla annsna laéthibh a rabhadar na breítheamhuin na núachdaráin, go raibh gorta sa dúithche. Agus do chuáidh duine áirigh do Bhetlehem‐Iúdah do chomhnuidhe go tír Mhoab, é féin, agus a bhean, agus a dhías mac.
2
Agus do bé ainm an duine Elimelech, agus ainm a mhná Naomi, agus ainm a dheisi mac Mahlon agus Chilion, Ephratitigh ó Bhetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steach go dúthaigh Mhóab, agus dfanadar ansin.
3
Agus fúair Elimelech fear Naomi bás; agus do fágbhadh ise, agus a días mac.
4
Agus do ghabhadarsan mná chuca fein do mhnáibh Mhóab; Orpah dob ainm do mhnaói dhíobh, agus Rút ainm na mná oile: agus do chomhnuigheadar annsin timchioll dheich mblíadhan.
5
Agus fuáir mar an ccéadna, Mahlon agus Chilion bás aráon; agus do fágbhadh an bhean gan mhaca gan fhear.
6
¶ Ann sin do éirigh sí maille re na bainchleamhnuibh, chor go bhfillcadh sí as tír Mhoab: óir do chúalaidh sí a ttír Mhoab mar do fhiosruigh an TIGHEARNA a phobal le tabhairt aráin dóibh.
7
Uimesin do chuáidh sí amach as a náit ann a raibh sí, agus a días baincleamhna le; agus do ghluáisiodar san tslíghe do dhul tar a nais go tír Iúdah.
8
Agus a dubhairt Naomi re na días bhainchleamhnuibh, Eirgidhe, filleadh gach aon aguibh go tigh a mathar: go ndéarna an TIGHEARNA go trócaireach ribh, mar do rinneabhairsi ris na marbhuibh, agus riomsa.
9
Go ttugaidh an TIGHEARNA dhaóibh suaímhneas, dá gach áon aguibh a ttigh a fir. Annsin do phóg sí íad; agus do thogbhadarsan súas a nguth, agus do ghuileadar.
10
Agus a dubhradar ría, Go deimhin fillfimne leachd a gcionn do dhaóine.
11
Agus a dubhairt Naomi, Fillidh arís a ingheana: cred fa rachaidh sibh liomsa? an bhfuilid fós mic am bhroinnse do bhíadh na bhfearuibh aguibh?
12
Fillidh arís, a mgheana, imthighidh romhuibh; óir atáimsi ro fhoirfe do bheith ag fear. Dá nabruinn, Atá dóthchus agum, da mbeith fear agum fós a nochd, agus fós go mbéaruinn mic;
13
An bhfanfadh sibhsi ríu nó go bhfasaidís? an bhfanfadh sibh ríu ó fhearuibh do bheith agaibh? ní headh, a inghéana; óir goillidh orum go mór ar bhur sonsa, go ndeachaidh lámh an TIGHEARNA amach am aghaidh.
14
Agus do thógbhadarsan a nguth ós áird, agus do ghuileadar a rís: agus do phóg Orpah a mathaircleamhain; achd do cheangail Rút ría.
15
Ar a nadhbharsin a dubhairt sisi, Féach, dfill do choimhchliamhuin ar a hais a ccionn a daoine, agus a gcionn a dée: fillsi a ndiaigh do choimhchleamhna.
16
Agus a dubhairt Rút, Ná bíarr orum thfágbháil, nó filleadh ó bheith ad leanmhuin: óir gidh bé áit a racha tú, racha mé ann; agus mar a ngeabha tú lóistín, is ann bhíadsa: is íad do dhaoine bhus daoine dhamhsa, agus do Dhía bhus Día dhamh:
17
Mar a bhfuighe tú bás, is ann éagfadsa, agus is annsin adhlaicthear mé: go ndeárna an TIGHEARNA marsin liomsa, agus fós ní is mó, má dhealuighionn éinní achd bás riot mé.
18
A nuair do chonnairc si go raibh sí comhdhaingion sin a ninntinn chum dul lé, annsin níor labhair sí ní is mó ría.
19
¶ Marsin do imthigheadar araon nó go ttangadar go Betlehem. Agus tárla, a nuáir thangadar go Betlehem, gur buaidhreadh an chathair uile na ttimchioll, agus go nabraidís, An í so Naomi?
20
Agus a dubhairt sisi ríu, Ná goiridh Naomi dhíomsa, goiridh Mára dhíom: óir do roinn an Tuilechumhachdach go roshearbh rium.
21
Do chuáidh mé amach lán, agus thug an TIGHEARNA don bhaile mé a rís folumh: uime sin cred fa ngoirthí Naomi dhíom, ó rinne an TIGHEARNA fiaghnuise a maghaidh, agus gur smachduigh an Tuilechumhachdach mé?
22
Marsin do fhill Naomi, agus Rút an Móabiteach, a bainchliamhuin, maille ría, noch do fhill as tír Mhóab: agus tangadar go Betlehem a ttosach fhoghmhair na héorna.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
Recommended Reading
Commentary
Ruth Commentaries
→
Devotional
Ruth Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→