bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ruth 3
Ruth 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
An sin a dubhairt Naomi a mathairchliamhuin ría, A inghean, nach íarrfa misi suaimhnios duitsi, chor go mbeithear go maith agad?
2
Agus a nois nach bhfuil Boas dar ccineadhne, a raibh tusa a bhfochair a chailineadh? Féach biáidh sé ag cáthadh eórna a nochd ar urlár an bhúailte.
3
Nígh thú féin ar a nadhbharsin, agus ungaidh thú féin, agus cuir héadach umad, agus eírigh síos chum a nurlaír: achd ná léig haithne chum a nóglaich, nó go sguiridh sé dithe agus dól.
4
Agus is amhluigh bhías, a nuáir luidhfios sé síos, go gcuirfe tusa comhartha ar a náit a luighfe sé, agus rachaidh tusa a steach, agus tóg an téadach dá chosuibh, agus luigh síos; agus inneosuidh sé dhuit cred dhéanas tú.
5
Agus a dubhairt sisi ría, Gacha nabair tú riom do dhéanad é.
6
¶ Agus do chuáidh sí siós chum an úrláir, agus do rinne gach ní dá ndubhairt a mathairchliamhuin ría.
7
Agus a nuáir a duáigh agus dibh Boas, agus go raibh a chroidhe súgach, do chuáidh sé a luidhe láimh ré cárn a narbha: agus tháinic sisi go mín, agus do nochd sí a chosa, agus do luigh sí síos.
8
Agus tárla san meadhon oidhche, go ráibh eagla ar a nóglach, agus do iompóigh é féin; agus, féach, do bhí bean na luidhe agá chosuibh.
9
Agus a dubhairt seision, Cía thúsa? Agus do fhreagaír sisi, Atáimsi Rút do bhanóglach: cuir ar a nadhbharsin do chuim air do bhanógluigh; óir is brathair fogus gáoil thú.
10
Agus a dubhairt seision, Go madh beannuigh bhías tusa ón TIGHEARRNA, a inghean; óir is mó an cineul do thaisbein tú fá dheireadh ná ar ttosach, do bhrígh nár lean tú dáoine óga, madh saidhbhir no daidhbhir.
11
Agus a nois, a inghean, na bíodh eagla ort; do dhéaná misi dhuit gach éanní íarrus tú: óir atá a fhios ag cathair mo dháoineádhsi uile gur bean shubhailceach thú.
12
Agus anois is fíor gur brathair fogus gáoil duit misi: achd cheana atá brathair as foigsi ná mé.
13
Fán a nochd, agus is eadh bhías de ar maidin, má choimhlíonann sé dhuitsi an ní is dúal do bhrathair gáoil, bíodh go maith; déanadh sé mar is dúal do bhrathair gaoil: achd muna ndéarna sé dhuit mar is dúal do bhrathair gaóil, annsin do dhéana misi dhuit mar is dúal do bhrathair gaoil, fá mar mhairios an TIGHEARNA: luidh síos go maidin.
14
¶ Agus do luidh si agá chosuibh go maidin: agus déirigh sí suil dob eídir le duine aithne do bhreith ar dhuine seach a chéile. Agus a dubhairt seision, Ná bíodh a fhios go ttáinic bean fá núrlar.
15
Agus a dubhairt sé mar an gcéadna, Tabhair leachd an bhraithlín atá agad umad, agus connuimh í. Agus a núair do chonnuimh sí í, do thomhuis seision sé miosúir eórna, agus do chuir air a muin íad: agus dimthigh sí don chathruigh.
16
Agus a núair tháinic sí chum a mathairchleamhna, dubhairt sí, Cía thusa, a inghean? Agus dinnis sisi dhi gacha a ndéarna an tóglach ría.
17
Agus a dubhairt sí, Thug sé na sé miosúir éórnaso dhamh; óir a dubhairt sé riom, Ná héirigh folumh a ccionn do bhainchleamhna.
18
Annsin a dubhairt sisí, Suigh go suáimhneach, a inghion, nó go bhfeasa tú cionnus rachus an chúis: óir ní bhía an tóglach suáimhneach, nó go ttuga sé na neithesi a gcrích a niugh féin.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4